Cuireann an tUachtarán Ó hUigínn a lámh leis an mBille Cosanta (Leasú) 2024
Dáta: Céa 17th Iúi, 2024 | 12:24
Tar éis dó a mhachnamh a dhéanamh ar ghnéithe bunreachtúla agus eile de chuid An Bille Cosanta (Leasú) 2024, agus tar éis dó dul i gcomhairle ar na roghanna éagsúla eile, chuir an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn a lámh leis an mBille inniu.
Choinnigh an tUachtarán súil ar an mBille agus é ag rith trí Thithe an Oireachtais, agus d’éist sé go cúramach leis an díospóireacht ina leith.
Cuireadh san áireamh chomh maith, agus an tUachtarán i mbun machnaimh ar bhunreachtúlacht an Bhille, i gcás dhá alt faoi leith, na tuairimí agus na ceisteanna a ardaíodh ag cruinniú de chuid na Comhairle Stáit in Áras an Uachtaráin Dé Luain 15 Iúil.
Nuair a bhíonn machnamh á dhéanamh ar phíosa reachtaíochta ar bith, ní mór don Uachtarán a bheith airdeallach ar Airteagal 34.3 Bhunreacht na hÉireann, a deir nach féidir le Cúirt ar bith bailíocht na reachtaíochta a cheistiú tar éis don Uachtarán an reachtaíocht a chur ar aghaidh go dtí an Chúirt Uachtarach. Caithfear chomh maith a bheith coinsiasach go ndéantar cinneadh ar bhonn fíriciúil, ní ar bhonn teibí amháin.
Le cinneadh an Uachtaráin an bille a shíniú inniu, ní chuirtear bac ar bhall na bhFórsaí Cosanta, ná urlabhraí ar bith dá c(h)uid, agus iad ag iarraidh forálacha an Bhille a cheistiú amach anseo.