Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuireann an tUachtarán Ó hUigínn a lámh le An Bille um Thaifid an Choimisiúin Imscrúdúcháin (Árais Máithreacha agus Naíonán)

Dáta: Dom 25th Dei, 2020 | 22:20

Inniu, tar éis dó dianmhachnamh a dhéanamh ar ghnéithe uile bunreachtúla agus ar ghnéithe eile de 'An Bille um Thaifid an Choimisiúin Imscrúdúcháin (Árais Máithreacha agus Naíonán agus Nithe áirithe gaolmhara), agus um Ní eile, 2020'  agus tar éis dó machnamh a dhéanamh ar na roghanna a bhí ar fáil aige, chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an Bille faoina lámh inniu, ceann de cheithre Bhille a cuireadh faoi bhráid an Uachtaráin go deireanach an tseachtain seo caite.

Tá an tUachtarán tar éis rith an Bhille sin trí dhá Theach an Oireachtais a leanúint, agus tá sé tar éis éisteacht go cúramach leis an díospóireacht agus leis na ceisteanna a ardaíodh maidir le cearta rochtaine ar an bhfaisnéis a chuirtear faoi bhráid Coimisiúin.  

Agus é á thabhairt faoi deara go raibh ábhair imní thábhachtacha, atá tromchúiseach agus nach mór aghaidh a thabhairt orthu, ardaithe sa phlé ar an mBille, níor ardaíodh aon cheist bhunreachtúil go díreach as an mBille féin a bheadh oiriúnach le cur ar aghaidh faoi Airteagal 26.1.1.

Agus machnamh á dhéanamh aige ar aon phíosa reachtaíochta, ní mór don Uachtarán a bheith ar an eolas faoi Airteagal 34.3 de Bhunreacht na hÉireann, a shocraíonn nach féidir le Cúirt ar bith bailíocht reachtaíochta a chur in amhras tar éis don reachtaíocht sin a bheith curtha faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí ag an Uachtarán. Is ceadmhach do shaoránach ar bith dúshlán fhorálacha an Bhille a thabhairt sa todhchaí má chinneann an tUachtarán an reachtaíocht sin a chur faoina lámh. 

 

Nóta don Eagarthóir:

De réir Airteagal 26.1.1 den Bhunreacht 'Is cead don Uachtarán, tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, aon Bhille lena mbaineann an tAirteagal seo a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí féachaint an bhfuil an Bille sin nó aon fhoráil nó aon fhorálacha áirithe de in aghaidh an Bhunreachta seo nó in aghaidh aon fhorála de.'