Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Seolann an tUachtarán a bheannachtaí chuig daltaí atá ar tí tús a chur le scrúduithe na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh

Dáta: Céa 7th Mei, 2017 | 09:51

Inniu, an 7 Meitheamh 2017, sheol an tUachtarán Ó hUigínn a bheannachtaí chuig na daltaí go léir atá ar tí tús a chur le scrúduithe na hArdteistiméireachta agus an Teastas Shóisearaigh:

 “Ba mhaith liom mo dhea-ghuí a thabhairt do na daltaí go léir a chuirfidh tús le scrúduithe na hArdteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh inniu.

Is staid thábhachtach in oideachas na mílte duine óg atá sna scrúduithe inniu agus tá ár dtacaíocht tuillte acu siúd atá ag tosú a gcuid scrúduithe inniu, agus ag na múinteoirí agus na clanna a chuidigh leis na daltaí. 

Guím gach rath orthu don todhchaí.”