Tugann an tUachtarán Ó hUigínn freagra ar an ngéarchéim fostaíochta in Earnáil na nEalaíon agus an Chultúir san Aontas Eorpach
Dáta: hAo 5th Mei, 2020 | 13:07
Tugann an tUachtarán Ó hUigínn freagra ar an ngéarchéim fostaíochta in Earnáil na nEalaíon agus an Chultúir san Aontas Eorpach trí scríobh chuig Ceannairí Institiúidí Eorpacha agus chuig a chomhghleacaithe sa Ghrúpa Arraiolos maidir leis an tábhacht a bhaineann le spás na healaíne agus an chultúir agus iad sin atá ag obair ann a chosaint.
Agus é ar an eolas faoi thionchar phaindéim Covid-19 ar gach gné den sochaí, agus go háirithe orthu siúd a bhíonn ag obair i bhfeidhmiú na n-ealaíon agus na n-institiúidí bainteacha, tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis scríobh an tseachtain seo chuig ceannairí institiúidí Eorpacha ag impí orthu tacú go práinneach le hinstitiúidí cultúrtha agus a n-oibrithe.
De bharr gluaiseacht daoine a bheith teorannaithe, tá beagnach gach músaem, amharclann, leabharlann agus láthair oidhreachta dúnta agus coiscthe ar an bpobal, agus tá géarchéim Covid-19 tar éis buille mór a thabhairt d’earnáil an chultúir.
Agus an bhagairt bhunúsach sin ar earnáil na n-ealaíon, tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis an chéim seo a ghlacadh agus tar éis scríobh chuig Ceannairí Institiúidí Eorpacha lena chinntiú go ndéileálfar leis na bagairtí ar earnáil an chultúir san Aontas Eorpach mar fhadhb Eorpach chomh maith le fadhb do na Ballstáit.
Míníonn an litir suntas an chultúir san Aontas Eorpach. Is cuid bhunúsach den daonlathas agus den saol poiblí atá sa spás cultúrtha ina mbíonn coinníollacha oibre agus leochaileachtaí ar leith.
Is téama lárnach in uachtaránacht an Uachtaráin Uí Uigínn an tábhacht le cultúr agus cruthaitheacht; bhí sé ina chéad Aire Cultúir in Éirinn (1993-1997) agus ina Uachtarán ar Chomhairle na nAirí Cultúir san Aontas Eorpach in 1996 nuair a ghlac Éire Uachtaránacht an AE. Agus béim á cur aige ar an tábhacht le haitheantas agus spreagadh d’fhorbairt an chultúir agus na cruthaitheachta inár sochaithe, tá tacaíocht á lorg ag an Uachtarán Ó hUigínn ar fud na hEorpa chun dul i ngleic leis an ngéarchéim maidir le todhchaí na cruthaitheachta agus saothar an spioraid dhaonna, a bhíonn chun sochair do gach duine agus a theastaíonn ón tsochaí chun maireachtáil agus ráthú chun iomláine an daonlathais a bhaint amach.
Tá téacs litreacha an Uachtaráin ar fáil thíos.
----
A Shoilse, an tUasal David Sassoli,
Uachtarán Pharlaimint na hEorpa
4 Meitheamh, 2020
A Uachtarán Sassoli, a chara,
Mar Iar-Uachtarán ar Chomhairle na nAirí Cultúir san Aontas Eorpach, táim ag scríobh chugat chun béim a leagan ar an ngá le tionscnaimh agus chun tacaíocht a lorg ina leith chun
easnamh a d’airíomar inár nAontas Eorpach a chúiteamh - aitheantas a thabhairt d’ionchur an chultúir, oibrithe cultúir agus ealaíontóirí. Nuair a bhí sé de phribhléid agam a bheith i m’Uachtarán ar Chomhairle na nAirí Cultúir san Aontas Eorpach le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas in 1996, chuala mé, ní hamháin sa bhliain sin ach go minic roimhe sin agus ina dhiaidh, an leagan cainte a luadh le Jean Monnet, cé nár luaigh aon duine riamh foinse an leagain – “Dá mbeinn ag tosú arís, thosóinn leis an gcultúr.”
Táim ag scríobh chun a thabhairt le tuiscint gur tugadh deis iontach dúinn, inár bhfreagairt ar Covid-19 agus a iarmhairtí millteanacha ar chleachtóirí cultúir, chun dul i ngleic leis an ngné seo d’fhéidearthachtaí agus d’acmhainní an Aontais Eorpaigh ar tugadh neamhaird uirthi, i dtéarmaí acmhainní, oidhreachta, comhléirithe nó comhshaoil, trí aghaidh a thabhairt i ndáiríre ar cheisteanna ioncaim, acmhainní agus riachtanais chothaithe oibrithe cultúir, a bhí ina measc siúd ba mhó a d’fhulaing de bharr phaindéim Covid-19.
Táim ag labhairt ar oibrithe cultúir go ginearálta agus ar ealaíontóirí taibhithe go háirithe ar chuir caillteanas ionad do lucht féachana isteach orthu, agus a raibh sé beagnach dodhéanta acu staid léirithe a fháil.
Cuirimis ceist orainn féin, mar shealbhóirí oifigí poiblí, san am i láthair agus san am atá caite inár dtíortha agus san Aontas Eorpach, cé chomh minic ar baineadh úsáid as oibrithe cultúir, as an gcruthaitheacht agus as taibhithe, chun cur le ceiliúradh poiblí, cruinnithe, uaillmhianta agus dearbhuithe náisiúnta? Ní hamháin ar ócáidí dá leithéidí ach i rithimí ár saoil phobail roinnte, nach bhfuil athnuachan agus inspioráid faighte againn ó chultúr a roinnt, ár gceann féin agus ceann daoine eile?
Anois tá baol mór ann go n-imeoidh slí bheatha na n-oibrithe sa spás cultúrtha as an saol poiblí agus tá cúnamh á lorg acu, ní hamháin dóibh féin dar liom, ach do leagan den Aontas Eorpach a sheasann do cuid mhaith dár ndóchas don todhchaí – cultúr saibhir éagsúil ár bpobal, idir oidhreachtúil agus comhaimseartha.
Tá éigeandáil romhainn sa réimse cultúrtha i dtaca le hioncam, ionaid, rochtain phoiblí, rannpháirtíocht, agus mura miste mé a rá, comhtháthú agus sásamh sóisialta.
Nach bhfuil sé in am anois ábaltacht teacht ar an gcultúr a chur san áireamh maidir leis an gcaiteachas riachtanach ar an mbonneagar agus san infheistíocht chun Seirbhísí Bunúsacha Uilíocha a sholáthar? Shílfeá nach bhfuil sé dodhéanta againn córas tacaíochta agus dlúthpháirtíochta d’ealaíontóirí a bhunú, dóibh siúd atá ag teacht chun cinn agus dóibh siúd atá seanbhunaithe. Agus an tAontas ag cur tús an athuair lena idirbheartaíocht tráchtála agus mhiondíola riachtanach, agus súil go ndéanfar sin ar bhealach a thaispeánfaidh go ndearnadh machnamh ar an oiriúint is fearr idir an éiceolaíocht, an tsochaí agus an geilleagar, nár cheart dúinn, freisin, féachaint ar na spásanna poiblí, na hionaid i gcomhair taibhiú poiblí, na riachtanais bhunúsacha do léirithe na n-ealaíon go léir, idir siúd atá ag teacht chun cinn agus léirithe clasaiceacha, agus a rá – “Gabhaimid orainn féin. Is féidir leis sin a bheith ina léiriú buan ar ár nAontas Eorpach, áit a slánófaí an cultúr don todhchaí agus a roinnfí leis an domhan é. Tugaimid ómós do léiriú cruthaitheach phobail an Aontais Eorpaigh agus do choinníollacha maireachtála na ndaoine sin go léir a thugann saol níos daonna dúinn le hobair dá leithéid. Beidh tacaíocht agus cosaint acu uainn.”
Tairgim mo thacaíocht dá leithéid de thionscnamh agus bheinn buíoch as do thacaíocht do thacar tionscnamh ar bith a chuideodh le spás don chultúr agus don taibhiú san Aontas Eorpach a shlánú anois agus sa todhchaí.
Tá iarracht déanta againn mar Aontas, céimeanna beaga a ghlacadh a raibh baint agam féin leo. Is cuimhin liom an chaoi, san am atá caite, ar bheag nár éirigh linn le tionscnamh Yehudi Menuhin, a raibh sé mar aidhm aige a chinntiú go mbeadh teacht ag gach páiste san Aontas Eorpach ar uirlis cheoil. Níor éirigh linn ach rinneamar iarracht.
Is féidir go n-éireodh linn anois le céim mhór chun tosaigh in am seo an ghátair. Tá ár ndlúthpháirtíocht de dhíth anois ar ár n-ealaíontóirí de gach aois agus gach cúlra, comhaimseartha agus clasaiceach. Tugaimid cúnamh dóibh lena chéile agus déanaimid an bhearna a d’aithin Jean Monnet a dhruid. Bímis ábalta a rá “D’aithníomar, inár n-am féin, an tábhacht leis an ‘Spás Cultúrtha’”.
Is mise, le meas,
Micheál D. Ó hUigínn
Uachtarán na hÉireann