Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht dóchais agus buíochais taifeadta ag an Uachtarán Ó hUigínn do dhaltaí iar-bhunscoile

Dáta: Mái 19th Bea, 2020 | 13:34

Tá teachtaireachtaí físeáin speisialta do dhaltaí iar-bhunscoile eisithe inniu ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn.

Tá scoileanna ar fud na hÉireann dúnta ó thráthnóna Déardaoin 12 Márta , rud a chuir isteach ar shaol na mílte dalta ar fud na tíre.

Ina theachtaireacht do dhaltaí iar-bhunscoile, thug an tUachtarán aitheantas don chur isteach mór ar na himeachtaí tábhachtacha i saol na ndaoine óga chomh maith. Ina theachtaireacht ghlac an tUachtarán buíochas as a bhfuil á dhéanamh ag na daltaí sna hiarrachtaí chun srian a chur ar scaipeadh an víris. 

Chríochnaigh an tUachtarán an teachtaireacht agus é seo á rá aige “Fan slán agus lean le daoine eile a choimeád slán. Tiocfaidh deireadh leis an ngéarchéim, agus tiocfaidh tréimhse gheal a mbainfimid go léir taitneamh as i ndiaidh na tréimhse dorcha seo.”

Tá teachtaireachtaí an Uachtaráin ar fáil anseo:

 

Teachtaireacht chuig daltaí iar-bhunscoile

Message for Post-Primary Students