Bronnann an tUachtarán Ó hUiginn Gradaim Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin d’Éireannaigh Thar Lear
Dáta: Déa 30th Ean, 2025 | 19:52
Ar na daoine a bhain Gradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin i mbliana tá, i measc daoine eile, Séamus Coleman, iar-chaptaen ar fhoireann sacair na hÉireann agus an t-Iarsheanadóir Meiriceánach Patrick Leahy
30 Eanáir 2025
Bhronn Uachtarán na hÉireann, an tUachtarán Michael D. Ó hUiginn Gradaim Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin d’Éireannaigh Thar Leartráthnóna inniu ag searmanas ag Áras an Uachtaráin. Doireann Ní Bhriain a bhí mar bhean an tí ag an ocáid
Is iad seo a leanas na daoine a bhain Gradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin 2025:
- Séamus Coleman, iar-chaptaen ar fhoireann sacair na hÉireann
- Patrick Leahy, Iarsheanadóir de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá
- Aduke Gomez, scoláire Gael-Nigéarach
- Rosalind Scanlon, Stiúrthóir Ealaíne ar Ionad Cultúrtha na hÉireann, Hammersmith, Londain
- An tOllamh Enrico Terrinoni, aistritheoir litríocht na Gaeilge go hIodáilis
- Orla Kiely, dearthóir faisin
- An tSiúir Teresa McKeon, misinéir agus oideachasóir i Siarra Leon (in absentia)
- Mary O’Neill, abhcóide dlí i Los Angeles
- Pam O’Mahony, Tacaí de chuid phobal na hÉireann san Astráil
- Stella O’Leary, Breathnóir ar gCiste Idirnáisiúnta d’Éirinn
Tugtar aitheantas le Gradaim Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin d’Éireannaigh Thar Lear don tseirbhís a thugann daoine a chónaíonn lasmuigh d’Éirinn don tír seo nó do phobail Éireannacha thar lear.
Bhunaigh an Rialtas na Gradaim i ndiaidh Fhóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain in 2011 mar mhodh chun aitheantas a thabhairt don mhéid a dhéanann diaspóra na hÉireann agus bronnadh iad den chéad uair in 2012. Go dtí seo, bronnadh an gradam ar 120 duine.
Ag labhairt dó ag an ócáid, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Uachtarán Ó hUigínn:
“Le Gradaim Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin tugtar deis dúinn, mar náisiún, aitheantas a thabhairt do na baill sin dár dteaghlach domhanda a chuir, gach duine acu ar a bhealach fhéin, chomh mór sin le cáil na hÉireann ar an stáitse idirnáisiúnta mar thír a thuigeann taithí imirceach, na dúshláin atá roimpi, a cuid freagrachtaí agus an bhaint atá ag nithe neamhbhuana le gach aon ghné den saol seo a bhaineann linn go léir.
Leanann lucht faighte na ngradam anocht lorg na ndaoine eile sin go léir, cuma ardmholadh a bheith tugtha dóibh nó gan a bheith, ach gur ábhar bróid dúinn a ndíograis séimh siúid chun a gcion a dhéanamh agus tugann muid na daoine sin chun cuimhne inniu freisin.
Is eiseamláir ár n-aíonna oinigh den ghnaíúlacht sin, agus de dhea-thréithe an té a bhreathnaíonn ina chroí féin chun dea-chroí a bheith aige don duine eile, agus is eiseamláir iad de phlúr na-hÉireann, ina saol, ina gcuid oibre, agus sa mhéid a dhéanann siad chun fónamh ar ’Éirinn agus ar phobail Éireannacha thar lear.
Mar Uachtarán na hÉireann, gabhaim buíochas ó chroí libh as ionadaíocht chomh maith sin a dhéanamh ar son na hÉireann, agus as bhur n-iarrachtaí pearsanta, bhur bhfónamh, bhur n-íobairtí, agus as sármhaitheas a bhaint amach i bhur réimsí éagsúla. Mo bhuíochas libh uilig.”
Tá fáil ar chóipeanna den ardlua a léadh amach le linn an tsearmanais do gach duine den lucht faighte sna Nótaí d’Eagarthóirí.