Bhuail an tUachtarán Ó hUigínn le hUachtarán na hÉigipte, Abdel Fattah el-Sisi
Dáta: Céa 11th Nol, 2024 | 13:12
Bhuail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar maidin le hUachtarán na hÉigipte, Abdel Fattah el-Sisi, agus é ar chuairt chúirtéise ar Áras an Uachtaráin.
Ag an gcruinniú a bhí acu, phléigh an dá Cheann Stáit roinnt ábhar leasa choitinn. Orthu sin bhí an staid reatha sa Mheánoirthear agus sa réigiún máguaird, lena n-áirítear an staid in Gaza agus na himeachtaí a tharla le déanaí sa tSiria.
An fhulaingt uafásach cheal sos cogaidh in Gaza is mó a bhí faoi chaibidil, lena n-áirítear na socruithe maidir le hochtar leanaí agus a dteaghlaigh, arb as Gaza dóibh, agus atá i gCaireo faoi láthair, a aslonnú go hÉirinn gan mhoill chun go gcuirfí cóireáil orthu tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta. Tagann sé seo sna sála ar iarratas ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
I measc na n-ábhar eile a phléigh an bheirt Uachtarán bhí roinnt ceisteanna consalachta, cearta daonna, slándáil bia, agus cúrsaí oidhreachta cultúrtha.
I measc na dtoscairí i dtoscaireacht an Uachtaráin el-Sisi bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha, Eisimirce agus Eisimirceach, an Dr Badr Ahmed Mohamed Abdelatty; an tAire Infheistíochta agus Trádála Eachtraí, Hassan Mohamed Hassan Elkhatib; agus Ambasadóir Phoblacht Arabach na hÉigipte go hÉirinn, H.E. Mohamed Sarwat Selim.