Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Buaileann an tUachtarán Ó hUigínn le teaghlaigh na ngiall in Gaza

Dáta: Mái 14th Sam, 2023 | 16:20

Bhuail an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn inniu le teaghlaigh na ngiall faoi choimeád in Gaza tar éis na n-ionsaithe a rinne Hamas san Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair. 
 
I measc na ndaoine a bhí i láthair ag an gcruinniú bhí Thomas agus Natali Hand, deartháir agus deirfiúr Emily Hand, cailín Éireannach-Iosraelach 8 mbliana d’aois; agus Maya Lambroso, Tal Yeshurun agus Eylon Keshet, a bhí mar ionadaithe do theaghlaigh na ngiall.

Bhí Ambasadóir Iosrael chun na hÉireann, A. S. Dana Erlich Uasal i láthair, freisin.
 
Ag labhairt dó i ráiteas i ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:
 
“Bhí mé an-sásta an deis a fháil bualadh le Thomas, Natali, Maya, Tal agus Eylon inniu agus cloisteáil uathu faoi iarmhairtí millteanacha an ionsaithe ar 7 Deireadh Fómhair ar mhuintir na ngiall atá i ngéibheann. 
 
Caithfidh go bhfuil imní agus eagla na dteaghlach go hiomlán dofhulaingthe, go háirithe i gcás Emily Hand agus a naoú breithlá le bheith ann agus í faoi choinneáil.
 
Ba chóir do leas na bpáistí agus na saoránach in Iosrael agus in Gaza a bheith mar thosaíocht againn ar fad. 
 
Le linn ár gcruinnithe, phléamar na gníomhartha is féidir a thógáil le filleadh slán na ngiall a chinntiú.
 
Chuige sin, impím arís ar scaoileadh láithreach na ngiall ar fad atá faoi choimeád in Gaza. 

Ba chóir go mbeadh rochtain dhíreach ag An Chros Dhearg, nó eagraíocht fheiliúnach eile, ar na gialla, agus go mbeadh siad in ann a seasamh a dheimhniú. 

Dhearbhaigh mé do na teaghlaigh go gcuirfidh mé an t-iarratas tábhachtach seo in iúl do Rialtas na hÉireann."

Le linn chruinniú an lae inniu, bhéimnigh an tUachtarán arís an gá le go mbeadh meas ag an dá thaobh ar an dlí idirnáisiúnta. Threisigh sé freisin gur ghá críoch láithreach a chur le sléacht na saoránach, agus go gcosnófar na paistí go háirithe. 
 
Luaigh an tUachtarán Ó hUigínn gur chas an Taoiseach leis na teaghlaigh inné, agus go mbeadh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Mícheál Martin TD ag taisteal go dtí an Éigipt, Iosrael agus an Bruach Thiar an tseachtain seo. 
 
Chuimhnigh an tUachtarán ag an gcruinniú ar an bplé a bhí aige le hUachtarán Iosrael Isaac Herzog le bliain anuas, chomh maith lena idirbheartaíocht le hUachtarán na Palaistíne Mahmoud Abbas. 

Phléigh an tUachtarán tábhacht thógáil na síochána leis na teaghlaigh, a thabharfaidh leis slándáil mhuintir Iosrael, chomh maith le seachadadh chearta mhuintir na Palaistíne.  
 
Chuala an tUachtarán faoi imní na dteaghlach le cúpla seachtain anuas maidir le deacrachtaí bhaill an phobail Ghiúdaigh in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, le tuairimí frith-Sheimíteachais á sceitheadh. 

Leag an tUachtarán béim ar an tábhacht a bhaineann le himní ar bith dá leithéid a thuairisciú do An Garda Síochána.