Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Buaileann an tUachtarán Ó hUigínn le captaein agus le bainisteoirí Chumann Peile Bóihéamach agus Chumann Peile Lúthchleas Phádra

Dáta: hAo 10th Sam, 2023 | 16:00

Tráthnóna inniu, chas an tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn le hionadaithe CP Bóihéamach agus Cumann Peile Lúthchleas Phádraig Naofa in Áras an Uachtaráin roimh chluiche ceannais an FAI a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh. 
 
Bhí captaen agus bainisteoir na foirne, Keith Buckley agus Declan Devine, i láthair thar ceann na mBóihéamach. Ó Chumann Peile Lúthchleas Phádraig Naofa bhí an captaen Joe Redmond agus an bainisteoir Jon Daly ann.

I láthair ag an ócáid chomh maith bhí Uachtarán an FAI Gerry McAnaney, agus Stiúrthóir Shraith na hÉireann Mark Scanlon, le corn an FAI ina ghlaic aige. 
 
Ghuí an tUachtarán gach rath ar an dá fhoireann agus iad ag tabhairt aghaidhe ar chluiche an Domhnaigh. 
 
I ráiteas, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:
 

"Tá áthas orm fáilte go hÁras an Uachtaráin a chur roimh mhuintir Chumann Peile Bóihéamach agus Chumann Peile Lúthchleas Phádraig Naofa, mo chomharsana peile i mBaile Phib agus in Inse Chór, roimh chraobh an FAI an Domhnach beag seo. 
  
Beimid ar fad ag tnúth le cluiche corraitheach eile, mar a bhí ann in 2021 leis an gcraobh idir an dá fhoireann chéanna ag críochnú ar chiceanna éirice.  
 
Is mian liom gach beannacht a ghuí ar na himreoirí, ar an mbainistíocht agus ar lucht leanúna an dá fhoireann atá ag freastal ar an gcluiche, nó a bheidh ag breathnú air ón mbaile. 
 
Bain taitneamh as an gcluiche agus beir beannacht.”