Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Bhuail an tUachtarán Ó hUigínn le grúpa na n-Ambasadóirí Arabacha

Dáta: Déa 9th Sam, 2023 | 14:23

Bhuail an tUachtarán ar maidin le grúpa Ambasadóirí chuig Éirinn arb ionadaithe náisiúnta Arabacha iad in Áras an Uachtarán. D'eascair an cruinniú ó iarratas a rinne Déan an Ghrúpa, A Shoilse Ambasadóir Ríocht Mharacó, an tUasal Lahcen Mahraoui, tríd an Roinn Gnóthaí Eachtracha, chun tarluithe sa Mheánoirthear le gairid a phlé leis an Uachtarán. 
 
Phléigh an tUachtarán cúrsaí in Gaza agus in Iosrael faoi láthair ag an gcruinniú leis na hAmbasadóirí, chomh maith le todhchaí fhéideartha an réigiúin taobh amuigh den chaillteanas uafásach beatha ann faoi láthair. 
 
Chuir an tUachtarán béim ar leith ar an gcaillteanas beatha sibhialtach agus ar bhagairtí ar an gcaillteanas beatha agus dúirt sé gur ábhar práinneach a bhí ann ar cheart deireadh a chur leis chomh luath agus is féidir. Rinne an tUachtarán tagairt don cháineadh a rinne sé féin agus Rialtas na hÉireann ar chaillteanas beatha sibhialtach dá leithéid - sárú an dlí idirnáisiúnta a bhí i gceist leis na hionsaithe a rinne Hamas ar shibhialtaigh agus ar an bhfreagairt air. Dúirt sé arís gur sárú ar an dlí idirnáisiúnta a bhí ann gialla a thógáil agus gur cheart scaoileadh leis na gialla uile. 
 
Chuir an tUachtarán béim, agus é ag labhairt leis na hAmbasadóirí, ar an gcéasadh agus ar an gciapadh a bhaineann le saoránaigh na hÉireann a fágadh gan chosaint agus a bhfuil baint dhíreach acu mar chuid de na gialla a tógadh nó ar cuireadh bac orthu imeacht as limistéar na coimhlinte.
 
Mhol an tUachtarán iad siúd, ina measc pearsanra leighis agus múinteoirí, a d'fhan le muintir Gaza agus an misneach agus an daonnacht a léirigh siad faoi chúinsí beagnach doréitithe in ospidéil agus scoileanna, agus rinne sé tagairt ar leith don ráta báis ard ina measc siúd atá ag obair in eagraíochtaí daonnúla.
 
Rinne an tUachtarán tagairt do ráitis an Taoisigh agus an Tánaiste sa mhí atá caite, agus go háirithe ar an maoiniú breise de €13 mhilliún - €10 milliún do UNRWA agus €3 mhilliún do Chiste Dhaonnúil na Palaistíne de chuid OCHA na NA - atá geallta ag an Rialtas, rud a chiallaíonn gur thug Éire iomlán de €29 milliún do mhuintir na Palaistíne in 2023.  Rinne an tUachtarán tagairt chomh maith do fhreastal an Taoisigh ag Comhdháil Idirnáisiúnta faoi Chúnamh Daonnúil do Gaza atá ar siúl i bPáras.  
 
Roinn an tUachtarán leis na hAmbasadóirí conas a chuir sé béim ar an tábhacht a bhain leis na hiarrachtaí síocháin inbhuanaithe  agus bhuan a bhaint amach sa Mheánoirthear ina phlé ar an todhchaí le hUachtarán na Palaistíne Mahmoud Abbas agus Uachtarán Iosrael Isaac Herzog araon, gur éiligh an tUachtarán bailiúchán éagsúil moltaí a thabhairt chun cinn i rannpháirtíocht leanúnach sa phlé ar na ceisteanna doimhne, a cheadódh slándáil shaoránaigh Iosrael agus cearta mhuintir na Palaistíne chomh maith. 
 
Agus é ag machnamh ar an iliomad cuairteanna atá déanta aige chuig Iosrael agus an Phalaistín, lena n-áirítear Gaza, thar na scórtha bliain, mhol an tUachtarán O hUigínn ag cruinniú an lae inniu maidir le cainteanna faoin todhchaí gur cheart tosaíocht a thabhairt ar an réiteach dhá stát, de réir na rún ar ghlac na Náisiúin Aontaithe leo.  Ciallaíonn sin aitheantas a thabhairt do thábhacht Stáit Phalaistínigh a bheith comhtheagmhálach, inmharthana agus ceart a bheith ina bhall den na hinstitiúidí déthaobhacha idirnáisiúnta agus an flaitheas cuí ag dul leis. Rinne an tUachtarán, mar aon leis na hAmbasadóirí, machnamh  ar an bhfiúntas a bhain le rúnaíocht bhuan a bhunú i dTuaisceart Éireann ar mhaithe le próiseas na síochána trína chinntiú go raibh bealach ann le leanúnachas a chur i bhfeidhm maidir leis na príomhfhadhbanna atá le sárú, agus ar an ngá le cothroime ómóis.