Fáiltíonn an tUachtarán Ó hUigínn Fondúireacht Oirdheisceart Fhear Manach agus gaolta íospartach go hÁras an Uachtaráin
Dáta: Déa 6th Már, 2025 | 15:12
D’óstáil an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín, fáiltiú in Áras an Uachtaráin do bhaill Fhondúireacht Oirdheisceart Fhear Manach agus do ghaolta na ndaoine a maraíodh le linn aimsir na dTrioblóidí.
I measc lucht freastalaithe na hócáide bhí muintir roinnt Gardaí ar maraíodh iad le linn aimsir an fhoréigin, ina measc an Sáirsint Patrick Morrissey, an Cigire Samuel Donegan, an Bleachtaire Jerry McCabe, an Bleachtaire John Morley, an Garda Richard Fallon agus an Bleachtaire Frank Hand, chomh maith le baill teaghlaigh Chonstábla an RUC, Robert Keys, an tOifigeach Príosúin Brian Stack agus Saighdiúir Óglaigh na hÉireann Patrick Kelly.
I láthair chomh maith bhí íospartaigh agus daoine muinteartha ó eachtraí tragóideacha eile i stair na hÉireann, ina measc buamáil Ómaigh, buamáil Átha Cliath/Mhuineacháin, chomh maith le dúnmharaithe ar leith.
Le linn na hócáide, d'fhéach an tUachtarán ar phluid cuimhneacháin ina raibh paistí i ndilchuimhne ar íospartaigh na coinbhleachta, lena n-áirítear paistí nua a cuireadh le déanaí chun ionadaíocht a dhéanamh ar na híospartaigh sin a d'oibrigh mar bhaill de na seirbhísí póilíneachta agus slándála.