Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Óstálann an tUachtarán Ó hUigínn Cóisir Ghairdín mar cheiliúradh ar Mhí Cheoil na hÉireann

Dáta: Céa 3rd Iúi, 2024 | 17:00

Tráthnóna inniu, d’óstáil Uachtarán na hÉireann, an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn, agus a bhean chéile, Saidhbhín, Ceolchoirm Ghairdín ag Áras an Uachtaráin le ceiliúradh a dhéanamh ar Mhí Cheoil na hÉireann – a raibh an téama ‘Spreagadh an cheoil agus an chruthaitheacht le chéile sa raidió áitiúil’ aici. 

Is í an láithreoir raidió agus teilifíse Trishauna Archer a bhí mar bhean an tí ag an gceolchoirm, a raibh ceol inti ó Dermot Kennedy, Susan O’Neill, HamsandwicH, Aby Coulibaly, Shobsy, Gavin James, Negro Impacto, Brad Heidi, David O’Connor agus the Celtic Hotclub.

I measc lucht freastail na ceolchoirme bhí ionadaithe ó na stáisiúin raidió áitiúla a bhí páirteach i Mí Cheoil na hÉireann.

Ag labhairt dó ag an imeacht, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:

"Bíonn deiseanna ar leith ag pobail a bhfuil stáisiún raidió áitiúil acu lena spéiseanna agus a riachtanais shainiúla a roinnt leis an domhan mór. 

Tá tábhacht as cuimse ag a dtacaíocht don Ghaeilge, do na healaíona, don cheol Éireannach agus do ghrúpaí pobail. Cé go mbíonn an buiséad teann in amanna, ní bhíonn caill ar bith ar an gcaighdeán.

Tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil an oiread sin ceoltóirí, amhránaithe agus cumadóirí amhráin sa tír seo againn, agus go bhfuil cuid de na daoine iomráiteacha, iontacha seo linn tráthnóna inniu.

Gabhaim buíochas leo ar fad as a bheith inár dteannta inniu, as a gceard a roinnt linn agus as ceol den scoth a sholáthar dúinn."

Beidh Mí Cheoil na hÉireann 2024 ar siúl i mí Mheán Fómhair i mbliana. Seolta den chéad uair in 2021, is togra de chuid Hot Press agus Independent Broadcasters of Ireland í Mí Cheoil na hÉireann, atá maoinithe ag Coimisiún na Meán.  

Déanfaidh stáisiúin rannpháirteacha IBI ceol Éireannach a sheinm i rith na míosa ar fad, le  líon amhráin na n-ealaíontóirí Éireannacha a sheinntear a mhéadú. 

Tá tacaíocht ag Mí Cheoil na hÉireann ón IMRO, RAAP, Live Nation, Rubyworks agus ó Camden Recording Studios chomh maith.

Is í ócáid an lae inniu an 80ú Cóisir Ghairdín a d’óstáil an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn le linn dhá théarma Oifige an Uachtaráin. Cuirfear deireadh le sraith Chóisirí Gairdín an Uachtaráin leis an gCeolchoirm Ghairdín seo inniu. Cuireadh fáilte roimh 3,500 duine ag 7 gcóisir na sraithe i mbliana.