Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanann an tUachtarán Ó hUigínn comhghairdeas leis na buaiteoirí Oscar

Dáta: Lua 13th Már, 2023 | 05:58

"Ba mhaith liom éachtaí iontacha 'An Irish Goodbye' agus Richard Baneham a thréaslú leo agus na Gradaim don Scannán Gearr Beo-aicsin is fearr agus an Mhaisíocht Físe is fearr faoi seach á mbaint acu ag searmanas Oscar na hoíche aréir.

Déanaim comhghairdeas chomh maith le Colin Farrell, Paul Mescal, Kerry Condon, Brendan Gleeson, Barry Keoghan, Jonathan Redmond agus leo siúd go léir a raibh baint acu le An Cailín Ciúin agus le The Banshees of Inisherin as an aitheantas as cuimse a fuair siad as a saothar a bheith ainmnithe i gcomhair Ghradaim an Acadaimh.

Ba bhliain ar leith a bhí sa bhliain seo ag tionscal scannánaíochta na hÉireann agus ba léiriú í ar an obair chrua atá déanta ag an iliomad daoine thar na scórtha bliain. 

Is ábhar a bhfuil fáilte ar leith roimhe an t-aitheantas atá á fháil ag tionscal scannánaíochta na hÉireann agus cothrom an lae a bunaíodh Bord Scannán na hÉireann, a dtugtar Fís Éireann anois air, 30 bliain ó shin á chomóradh. Tá an rath atá le feiceáil againn bunaithe ar shealbhú scileanna agus ar an tóraíocht barr feabhais atá á dhéanamh acu siúd go léir i bpobal scannánaíochta na hÉireann.

Mar chomhartha dá bhfuil bainte amach agus d'ionchur thionscal na scannánaíochta agus tionscail bainteacha i saol na hÉireann, táim féin agus Saidhbhín ag súil le fáiltiú a chur ar bun Lá Fhéile Pádraig chun pobail scannánaíochta, chlosamhairc agus taibhealaíon na hÉireann a cheiliúradh in Áras an Uachtaráin an Aoine bheag seo.”