Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Séamas Ó Concheanainn ceaptha ag an Uachtarán mar Choimisinéir Teanga

Dáta: Céa 6th Nol, 2023 | 14:53

Cheap Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn Séamas Ó Concheanainn mar Choimisinéir Teanga ag searmanas in Áras an Uachtaráin inniu.

Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn i ráiteas: 

“Is mian liom mo dhea-ghuí a chur in iúl do Shéamas Ó Concheanainn agus é i dtús a théarma mar Choimisinéir Teanga.

Ócáid thábhachtach í ceapadh an Choimisinéara Teanga ó tharla gur ar an Oifig sin is mó atá cúram le cearta teanga an phobail a chosaint agus iad ag baint leas as ár dteanga dhúchais le seirbhísí stáit a fháil ó chomhlachtaí poiblí na tíre.

Tógáil croí é a fheiceáil go bhfuil dlúthcheangal anois ag oiread sin daoine ar fud na tíre as gach cúlra, cultúr agus aoisghrúpa leis an teanga. Sa chomhthéacs sin, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go gcuirtear ar chumas na ndaoine sin a gcaidreamh leis an Stát a dhéanamh trí Ghaeilge mar chuid dhílis d’úsáid laethúil na teanga ina ngnáthshaol.  

Dá réir sin, tá tábhacht ar leith le ról lárnach an Choimisinéara Teanga agus is cúis áthais é gur chuir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 méadú suntasach ar chearta teanga an phobail agus gur chuir sé freagrachtaí nua ar chomhlachtaí poiblí ina gcaidreamh leis an phobal i gcoitinne.

Tá thaithí mhór sa réimse tábhachtach oibre seo ag Séamas Ó Concheanainn agus leanfaidh sé den cheannaireacht láidir atá tugtha ag Coimisinéirí Teanga roimhe seo ó bunaíodh an oifig sin. 

Ba mhaith liom an deis seo a thapú le mo bhuíochas a ghlacadh go poiblí le Rónán Ó Domhnaill a bhí i mbun dualgais roimh cheapadh Shéamais mar Choimisinéir Teanga as an éacht oibre a rinne sé maidir le cúrsaí teanga le linn a chuid ama sa phost sin.”