An tUachtarán Connolly chun cuairt a thabhairt ar Dhoire Cholm Cille ar an dara lá dá cuairt oifigiúil ar Thuaisceart Éireann
Dáta: Déa 5th Fea, 2026 | 09:00
Leanfaidh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, lena cuairt oifigiúil 3 lá ar Thuaisceart Éireann le coinní éagsúla i nDoire Cholm Cille.
Tabharfaidh an tUachtarán Connolly aitheasc ag fáiltiú cathartha i Halla na Cathrach áit a chuirfidh an tArd-Leifteanant do Bhuirg an Chontae, Ian Crowe agus Méara Chathair Dhoire fáilte roimpi.
Rachaidh an tUachtarán ar cuairt go Músaem Shaor-Dhoire um thráthnóna chun taispeántas Dhomhnach na Fola a fheiceáil. Ba í an Aoine seo caite, 30 Eanáir, an 54ú Cuimhneachán de Dhomhnach na Fola. Casfaidh an tUachtarán Connolly, mar chuid dá cuairt, ar thart fá 50 ball teaghlaigh dóibh siúd a maraíodh nó a gortaíodh i 1972.
Tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar thionscnaimh éagsúla pobail ar fud na cathrach i rith an lae.
Is í an céad chuairt oifigiúil de chuid Uachtaránacht an Uachtaráin Connolly atá i gceist le cuairt 3 lá an Uachtaráin go Tuaisceart Éireann agus an gealltanas a thug sí ina hóráid insealbhaithe gur ar Thuaisceart Éireann a thabharfadh sí a céad chuairt oifigiúil; chun casadh le daoine as na pobail éagsúla agus a n-oidhreacht saibhir agus a gcuid traidisiúin difriúla a cheiliúradh; á chomhlíonadh aici.
Chuir an tUachtarán tús lena cuairt oifigiúil inné agus coinní éagsúla curtha i gcrích i mBéal Feirste aici; cruinniú leis an gCéad-Aire Michelle O’Neill agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly i gCaisleán Stair Monadh, óráid in Ollscoil Uladh agus coinní pobail san áireamh.
Cuirfear críoch leis an gcuairt le coinne eile i nDoire Cholm Cille ar an Aoine.
