Casann an tUachtarán Catherine Connolly le pobail ar an gcéad lá dá cuairt oifigiúil ar Thuaisceart Éireann
Dáta: Céa 4th Fea, 2026 | 17:30
Chas Uachtarán na hÉireann le pobail ar fud Bhéal Feirste ar an gcéad lá dá cuairt oifigiúil trí lá ar Thuaisceart Éireann.
Seo an chéad chuairt oifigiúil de chuid Uachtaránacht an Uachtaráin Connolly.
Chuir an tUachtarán tús lena cuairt i gCaisleán Stair Monadh áit ar chur Ard-Leiftenant Chontae an Dúin, Gawn Rowan Hamilton, fáilte roimpi ar son Rí Searlas III. Bhí cruinniú ina dhiaidh sin aici leis an gCéad-Aire Michelle O’Neill agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly i gCaisleán Stair Monadh.
Chuaigh an tUachtarán, tar éis an chruinnithe i Stair Monadh, go hIonad Oideachas Fisiciúil Ollscoil na Banríona, Béal Feirste áit ar fháiltigh LeasArd-Leiftenant Bhéal Feirste, an Dr Alan Logan agus ArdMhéara Bhéal Feirste, An Comhairleoir Tracy Kelly roimpi.
Chas an tUachtarán le páistí atá rannpháirteach i gclár cispheile Imreoirí na Síochána san Ionad OF. Cruthaíodh Imreoirí Síochána Thuaisceart Éireann a bunaíodh i 2003, chun cispheil a úsáid mar uirlis athmhuintearais agus forbairt síochána trí thaithí spóirt a roinnt.
Thug an tUachtarán Connolly cuairt, tráthnóna inniu, ar Champas Ollscoil Uladh, Thuaisceart Bhéal Feirste, áit ar chas sí le réimse leathan mic léinn a léirigh an méid atá déanta ag Ollscoil Uladh go hacadúil, go cathartha agus go cultúrtha ar fud Thuaisceart Éireann.
Bhí turas ar fud an champais mar chuid den chuairt agus bhí ceol beo ar siúl i meal an champais ag ceoltóirí atá ag ullmhú do Fleadh Cheoil na hÉireann mar go bhfuil an Ollscoil ar cheann de na hionaid don bhféile sin.
D’fhreastail an tUachtarán ar an mBréagchúirt áit ar chas sí le mic léinn dlí, lucht taighde agus foirne sula ndeachaigh sí suas go dtí’n droichead spéire, os cionn Thuaisceart Bhéal Feirste, atá ar an seachtú urlár. Is anseo a chuala sí faoin tionchar atá agus a bhí ag an gcampas ar athraithe sa gcuid seo den chathair, ceantar ina bhfuil cuid de na háiteanna is mó faoi mhí-bhuntaiste i dTuaisceart Éireann.
Thug an tUachtarán óráid ina dhiaidh sin os comhair níos mó ná 100 aíonna ón saol acadúil, tionsclaíochta agus cathartha.
Chuaigh an tUachtarán, tar éis a hóráide in Ollscoil Uladh, chomh fada le Spás Comhroinnte an tSléibhe Dhuibh áit ar tugadh ar thuras na n-áiseanna í, agus ar chas sí le húsáideoirí seirbhísí an ionaid. Tá forbairt tagtha ar an spás seo, a bunaíodh i 2009, agus é anois ina lárionad bríomhar do thógáil na síochána, don athmhuintearas agus forbairt pobail in Iarthar Bhéal Feirste.
Is ar Leabharlann Halla an Línéadaigh, an leabharlann is sine i mBéal Feirste, a bhí triail an Uachtaráin ansin chun súil a chaitheamh ar phríomhphíosí bhailiúchán na Leabharlainne.
Cuirfidh an tUachtarán críoch, tráthnóna, leis an gcéad lá dá cuairt oifigiúil le fáiltiú do Mhná i gCinnireacht Pobail.
Leanfar leis an gcuairt amárach agus ar an Aoine le coinní i nDoire Cholm Cille
