Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

A comhghairdeas ó chroí curtha in iúl ag an Uachtarán Connolly le Jessie Buckley as a Gradam Golden Globe

Dáta: Lua 12th Ean, 2026 | 10:21

Comhghairdeas le Jessie Buckley as ucht a héacht iontach Gradam Golden Globe a bhuachan ag searmanas na bliana seo i Los Angeles.

Comhghairdeas freisin le Paul Mescal, Maggie O'Farrell, Element Pictures agus Wild Atlantic Picturesas as ucht a bheith ainmnithe do Ghradam Golden Globe, is éacht atá déanta agaibh.

Is aitheantas thar barr é seo ar shaothar eisceachtúil Jessie Buckley agus an rath as cuimse atá bainte amach ag tionscal scannánaíochta na hÉireann san iomlán. Tréaslaím, freisin, leo siúd ar fad a thacaigh léi sa léiriú seo agus le blianta anuas agus í ag saothrú a ceird.

Go maire tú é!