Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuireann an tUachtarán Connolly tús le Cuairt Oifigiúil  trí lá go Londain agus Leeds

Dáta: Lua 18 Bea, 2026 | 07:00

Cuirfidh Uachtarán na hÉireann tús le Cuairt Oifigiúil trí lá go Londain agus Leeds maidin inniu.

Is í an Chuairt seo na céad gnóthaí oifigiúla ag an Uachtarán Connolly sa Bhreatain ó insealbhaíodh í mar Uachtarán na hÉireann ar an 11ú Samhain 2025 tráth a labhair an tUachtarán faoi Dhiaspóra na hÉireann agus a tiomantas caidreamh a chothú le pobail Éireannacha thar lear.

Beidh deiseanna le linn na Cuairte don Uachtarán casadh le rannpháirtithe éagsúla ó na pobail Éireannacha agus cloisteáil faoi a gcuid taithí agus a léargas saoil.

Cuirfear tús le gnóthaí an Uachtaráin ar maidin le cuairt ar Ionad Cultúir na nÉireannach i Hammersmith áit a thabharfaidh sí aitheasc chomh maith le casadh le rannpháirtithe ranganna Gaeilge agus obair eile san Ionad.  Beidh an tUachtarán i láthair ag taispeántais ceoil agus damhsa ansin freisin.

Beidh fáiltiú ag Ambasadóir na hÉireann chun na Breataine, Martin Fraser agus Deirdre Fraser, in onóir an Uachtaráin Connolly agus a fear céile Brian McEnery,  in Ambasáid na hÉireann i Londain tráthnóna áit a chasfaidh siad le réimse leathan ionadaithe de chuid an phobail Éireannaigh.

Leanfaidh Cuairt an Uachtaráin ar aghaidh amárach nuair a thabharfaidh an tUachtarán cuairt ar Seó Bláthanna Chelsea agus Ionad na nÉireannach i Camden.  Cuirfear críoch leis an gCuairt ar an gCéadaoin le cuairteanna ar Ollscoil Leeds agus Ionad na nÉireannach, Leeds.  Cuirfear an tUachtarán ar an eolas faoi obair Ionad Sláinte na nÉireannach agus í i Leeds.  Casfaidh sí freisin ar ionadaithe ó go leor Ionaid Éireannacha eile sa réigiún.  Is í seo an chéad chuairt ar Éireannaigh thar lear ag an Uachtarán le linn a huachtaránachta.

Is í seo an tríú Cuairt Oifigiúil de chuid an Uachtaráin ó chuir sí tús lena hUachtaránachta.

Thug an tUachtarán a céad Cuairt Oifigiúil ar Thuaisceart na hÉireann i mí Feabhra ag teacht leis an méid a gheall sí ina haitheasc Insealbhaithe.

Thug an tUachtarán cuairt ar an Spáinn i mí Aibreán, ar chuireadh ó Phríomh Aire na Spáinne, Pedro Sanchez agus  Uachtarán na Brasaíle Luiz  Inácio Lula de Silva,  áit ar ghlac sí páirt le Ceann Stáit agus Ceann Rialtais eile chun aitheasc a thabhairt ag cruinniú mullaigh  ‘Ar son an Daonlathais’ i mBarcelona.