Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Catherine Connolly ag cur tús le cuairt oifigiúil ar Thuaisceart Éireann

Dáta: Céa 4th Fea, 2026 | 08:00

Cuirfidh an tUachtarán Catherine Connolly tús le cuairt oifigiúil 3 lá ar Thuaisceart Éireann ar maidin.

Is í seo an chéad chuairt oifigiúil de chuid Uachtaránacht an Uachtaráin Connolly agus an gealltanas a thug sí ina hóráid insealbhaithe gur ar Thuaisceart Éireann a thabharfadh sí a céad chuairt oifigiúil; casadh le daoine ó na pobail éagsúla agus oidhreacht saibhir agus traidisiúin difriúla na ndaoine a maireann ann a cheiliúradh; á comhlíonadh aici.

Cuirfear tús leis an gcuairt le cruinniú leis an gCéad-Aire Michelle O’Neill agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly i gCaisleán Stair Monadh ag 10:30 r.n.

Tabharfaidh an tUachtarán óráid ag Campas Ollscoil Uladh i dTuaisceart  Bhéal Feirste ag 1:30 i.n.

Beidh an tUachtarán Connolly ag tabhairt cuairt ar thionscnaimh éagsúla pobail i mBéal Feirste i rith an lae.

Leanfaidh cuairt oifigiúil an Uachtaráin ar Thuaisceart Éireann ar aghaidh ar an Déardaoin agus an Aoine le coinní i nDoire Cholm Coille.