An tUachtarán agus Sabina ar cuairt ar Teach Dumfries, ar cuireadh óna Sh. Ríoga, An Prionsa Séalas
Dáta: Céa 6th Meá, 2017 | 10:00
Ar cuireadh óna Shoilse Ríoga, An Prionsa Séarlas, agus a bheanchéile, Bandiúc Chorn na Breataine, rachaidh an tUachtarán agus Sabina go hAlbain, le freastal ar an gcomóradh deich mbliana atá beartaithe i dtaca le Teach Dumfries.
D’eisigh an Prionsa an cuireadh seo don Uachtarán, i mí na Bealtaine seo caite, nuair a rinne an lánúin ríoga freastal ar chruinnithe san Áras, faoi scáth an Uachtaráin.
Cuireann cuairt an Uachtaráin chun na hAlban, leis an dialóg dhearfach a eascraíonn ón sraith cruinnithe ardleibhéil, arbh é seo an ceann is deireannaí, agus is neartú breise é ar an gcairdeas leanúnach atá idir Éire agus an Ríocht Aontaithe.
Freastalóidh an tUachtarán agus Sabina ar imeachtaí a dhéanfaidh comóradh ar ócáid oscailte an tí don phobal, deich mbliana ó shin. Cuirfear ar an eolas iad, leis, faoi na hiarrachtaí suntasacha atá idir lámha mar chuid de thionscadal Iontaobhais an Phrionsa, uasoiliúnt a dhéanamh ar bhuanna ógánach an cheantair atá faoi mhí bhuntáiste.
Cé go raibh Teach Dunfries i seilbh phríobháideach roimhe seo, tá an teach agus an eastát faoi bhainistíocht an Iontaobhais anois. Tagann 24,000 cuairteoir chun na háite in aghaidh na bliana; tá 150 duine fostaithe ann, agus cuirtear réimse áiseanna ar fáil don phobal áitiúil, ar a bhfuil cláracha oideachasúla, scileanna oiliúna, siúláin coille, clós súgartha, agus linn snámha faoin spéir.
Beidh cruinnithe phríobháideacha ag an Uachtarán Ó hUigínn, agus Sabina lena n-óstaigh. Déanfaidh siad freastal ar bheo-chraoladh cheadail - ceol clasaiceach – ag a gcloisfear den chéad uair riamh “Twilight Falls on Temple View” píosa ceoil atá cumtha ag an gcumadór Breatnach Paul Mealor in ómós do Theach Dumfries.