Óstálann An tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn Cóisir Ghairdín Lá Bloom
Dáta: Dom 16th Mei, 2024 | 20:05
Inniu, óstálfaidh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn agus a bhean chéile Saidhbhín, Cóisir Ghairdín Lá Bloom in Áras an Uachtaráin.
Déantar ceiliúradh bliantúil ar Lá Bloom agus é mar dháta cinniúnach, 16 Meitheamh 1904, in úrscéal James Joyce ó 1922, ‘Ulysses’. Ainmníodh an lá as príomhphearsa an leabhair, Leopold Bloom.
Gach bliain, cuireann an tUachtarán agus Saidhbhín tús lena gclár samhraidh Chóisir Ghairdín le himeacht speisialta ag ceiliúradh shaothar James Joyce.
Is í tábhacht na leabharlann agus cur chun cinn na léitheoireachta príomhthéama imeacht na bliana seo, le foirne leabharlainne i láthair aige ó gach cearn den tír.
Beidh leabharlann taistil Chomhairle Contae Átha Cliath Theas ar thailte Áras an Uachtaráin mar chuid den ócáid.
Is é Seán Rocks a bheidh mar Fhear an Tí na hócáide, agus beidh aithisc ann ón Uachtarán Ó hUigínn, agus ón staraí agus ceardchumannaí Dr John Callow. Chomh maith leis sin, beidh ceol ó ealaíontóirí éagsúla ina measc: Andrew Basquille i dteannta Eugene Murphy, FARÓ, Simon Morgan i dteannta Vincent Lynch, agus The Honeydews.
Anuas ar Chóisir Ghairdín Lá Bloom, tá tionscnaimh éagsúla bunaithe ag an Uachtarán Ó hUigínn le linn a théarma Uachtaránachta le saol agus saothar James Joyce a cheiliúradh.
I mí Eanáir, nochtaigh an tUachtarán leac i Reilig Rathúin, Gaillimh, le comóradh a dhéanamh ar an dlúthcheangal idir uaigh Michael ‘Sonny’ Bodkin agus James Joyce – is é sin ‘The Dead’ gearrscéal cáiliúil de chuid Nora Barnacle agus Joyce.
Is ar Michael ‘Sonny’ Bodkin a bhunaigh Joyce an carachtar ficseanúil Michael Furey air, fear a raibh caidreamh aige le Nora Barnacle agus a cailleadh ag an eitinn in aois 20 bliain d’aois. Tá uaigh Michael Bodkin i dTuama Theaghlach Bodkin i Reilig Rathúin.
This year is the 110th anniversary of the publication of ‘The Dead’ within James Joyce’s acclaimed collection Dubliners, and the plaque unveiling took place on the 83rd anniversary of Joyce’s death on 13 January 1941 in Zurich.
I mbliana a dhéanfar ceiliúradh 110 bliain ar fhoilsiú ‘The Dead’, ó bhailiúchán cáiliúil Joyce, ‘Dubliners’. Chomh maith leis sin, nochtadh an leac ar chomóradh lae 83 bliain ó cailleadh James Joyce 13 Eanáir 1941 in Zurich
Choimisiúnaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe an leac agus nochtaigh an tUachtarán é le linn searmanais ag Tuama Theaghlach Bodkin, a raibh garneacht le Michael Bodkin, an tUasal Mary O’Connor agus a clann i láthair aige. Beidh An tUasal O Connor i láthair inniu ag an gCóisir Ghairdín.
I searmanas a reáchtáladh in Áras an Uachtaráin i mí Eanáir seo caite, bhronn an tUachtarán Ó hUigínn Gradam Scothsheirbhíse Uachtaránachta ar an Dr Fritz Senn ó Fhondúireacht Zurich James Joyce, le haitheantas a thabhairt dá chuid oibre sna healaíona agus i réimse an chultúir, chomh maith lena staidéar díograiseach ar James Joyce.
Is é Dr Senn a thug aire d’uaigh James Joyce agus Nora Barnacle i Reilig Fluntern, Zurich le blianta fada.
Tar éis ráitis ag Cóisir Ghairdín Lá Bloom an samhradh seo caite, agus ar iarratas an Uachtarán Uí Uigínn le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ó Chathair Zurich, leagadh leac ar an uaigh in ómós d’iníon Joyce, Lucia.
Rinneadh coimisiúnú ar an leac in Fluntern mar fhíorú gealltanais a rinne an tUachtarán lena gharmhac, Stephen, sna blianta deiridh dá shaol.
Is éard atá ar an leac chuimhneacháin ná focail ‘A Flower Given To My Daughter’, scríofa ag Joyce dá iníon Lucia:
“Frail the white rose and frail are
Her hands that gave
Whose soul is sere and paler
Than time’s wan wave. Rosefrail and fair — yet frailest
A wonder wild
In gentle eyes thou veilest,
My blue-veined child.”
Is é céad Uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde a chur tús le traidisiúin na gCóisirí in Áras an Uachtaráin. Gach bliain, cuirtear fáilte roimh bhaill an phobail agus roimh urlabhraithe eagraíochtaí fud fad na hÉireann go hÁras an Uachtaráin ag sraith Chóisir Ghairdín.
Is í Cóisir Ghairdín an lae inniu an 74ú hócáid dá leithéid a d’óstáil an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn thar thréimhse dhá théarma oifige an Uachtaráin. Beidh cúig chóisir ghairdín eile, chomh maith le ceolchoirm, á óstáil ag an Uachtarán agus Saidhbhín idir inniu agus an 3ú Iúil, a mbeidh tuairim agus 3,500 duine ag freastal orthu.