Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht ón Uachtarán Ó hUigínn ar Mhí an Cheoil Éireannaigh

Dáta: hAo 3rd Már, 2023 | 12:30

“Is mian liom gach rath a ghuí orthu siúd atá ag glacadh páirte i, agus ag tacú le, Mí an Cheoil Éireannaigh i mbliana.

Is togra thar a bheith luachmhar é seo agus is ráiteas tacaíochta ollmhór é do cheol Éireannach le 25 stáisiún raidió neamhspleácha, i gcomhair le Hot Press, agus cuidithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann

Ní féidir beag is fiú a dhéanamh de shuntas agus tábhacht an cheoil in Éirinn. Tá ár gceoltóirí Éireannacha i measc ár dtaibheoirí is cumasaí agus is cáiliúla. Tá siad freisin, mar a tharlaíonn sé, i measc na gcleachtóirí is fearr dá n-ealaíon ar domhan.

Tá clú agus cáil ár gceoltóirí, bannaí agus taibheoirí le feiceáil i bhfad i gcéin. Ní hamháin go seachadann na healaíontóirí seo ár dtraidisiún ceoil timpeall na cruinne, ach go gcinntíonn siad go gcaomhnófar an traidisiún suaithinseach seo, agus go bhfáilteofar i gcónaí roimh ionchur ó chultúir eile, agus ó pheirspictíochtaí ealaíonta éagsúla. 

Anseo in Éirinn, tá cúlraí cultúrtha éagsúla ár gceoltóirí óga tar éis snáithe nua a chruthú i gceol na hÉireann, ina bhfuil a gcruthaitheacht cheolmhar fite fuaite le foirm sheanbhunaithe Éireannacha.

Is é sin an chaoi a bhfásann agus a bhforbraíonn an ceol, é i gcónaí ag feidhmiú mar scáthán ar an tsochaí ina maireann sé. 

Le blianta beaga anuas, tá cuid mhaith dár mbaill is mó le rá i gcomhphobal an cheoil Éireannaigh caillte againn. Ach maireann a dtionchar, agus feictear, tríd an oidhreacht a d’fhág siad agus glúin nua na gceoltóirí, go bhfuil talamh nua fós á briseadh i réimse an cheoil Éireannaigh. 

Chomh maith lenár n-ealaíontóirí, tugann ceoltóirí na hÉireann an deis dúinn, mar shochaí, fís álainn, inspioráideach a fhíorú. Ach anuas air seo, bíonn siad ag múnlú agus ag athrú an scéil mar atá, ar bhealach cróga a bhfuil saoirse ag baint leis.

Cuidíonn Mí an Cheoil Éireannaigh leis an spiorad seo a chothú. Is léiriú eile é ar ról lárnach an chultúir inár saol; ar na fiacha atá ag na daoine dúthrachtacha sa phobal ealaíonta orainn; agus ar an tacaíocht atá ann dóibh ó na meáin, atá chomh tábhachtach leis an tallann a chothú agus a spreagadh.

Cuirim fáilte ar leith roimh an tiomantas athnuaite i mbliana le comhionannas inscne a chinntiú i measc na gceoltóirí sin a bheidh san áireamh an mhí seo. Fáiltím freisin an méadú suntasach i líon an cheoil Éireannaigh a sheinnfear ar na stáisiúin raidió rannpháirteacha. I gcomhpháirt leis an meantóireacht agus an chomhairle a roinnfear mar chuid den chomórtas ‘A New Local Hero’ i mbliana, cinnteoidh na tograí seo go mbeidh réimse leathan, bríomhar de cheoltóirí Éireannach le cloisteáil ar na haerthonnta. 

Táimid go mór faoi chomaoin ag gach ceann de na 25 stáisiún raidió neamhspleácha, lonnaithe ar fud na tíre seo – iad ag feidhmiú mar nasc speisialta idir saoránaigh na tíre seo agus do lucht leanúna an cheoil sna seánraí ar fad – as tacú leis an ócáid thábhachtach seo; agus le Hot Press as rian luachmhar, buan a fhágáil ar cheol Éireannach tríd na blianta. 

Gabhaim buíochas leo, agus le gach duine atá páirteach i Mí an Cheoil Éireannaigh, agus guím gach rath oraibh leis an togra luachmhar, cruthaitheach seo.

Tréaslaím libh uilig is guím gach rath agus beannacht oraibh don todhchaí."