Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht ó Uachtarán Ó hUigínn i gcomhair Stáisiúin Raidió Áitiúla, Réigiúnacha agus Phobail

Dáta: Déa 2nd Aib, 2020 | 12:20

"Tharla go bhfuil tábhacht ag baint leis na meáin áitiúla - stáisiúin raidió áitiúla agus pobail - dár saoránaigh go léir agus dóibh siúd, go háirithe, atá gafa ina gcuid tithe, táim ag baint leasa as an acmhainn luachmhar seo chun teachtaireacht a sheoladh chuig ár saoránaigh.

Ba mhaith liom mo bheannachtaí a thabhairt daoibh go léir agus sinn ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán a bhaineann le freagairt don ghéarchéim shláinte dhomhanda.

Go háirithe, ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a dhéanamh leo siúd ar bhásaigh daoine muinteartha leo sna laethanta agus sna seachtainí beaga anuas de bharr na paindéime. Seasaimid gualainn le gualainn, chomh maith, libhse a bhfuil bhur ndaoine muinteartha faoi dhianchúram nó libhse atá ag fanacht le toradh tástála.

Mar bharr ar an donas, tá an phian a bhaineann le bás duine leis an ngalar cruálach seo méadaithe ar chuid mhaith daoine mar nach bhfuil cairde agus clanna ábalta sólás agus tacaíocht a thabhairt sa ghnáthbhealach. Nílimid ceadaithe lámh a chroitheadh, teagmháil go comhbhách, barróg a thabhairt ná fiú a bheith i láthair ar feadh roinnt laethanta tar éis bás tobann, agus cúis mhaith leis mar go bhfuilimid uile páirteach i moilliú agus i gcloí an víris. 

Maidir leo siúd go léir atá luaite agam, ba mhaith liom a rá libh cé nach féidir liom féin agus Saidhbhín bhur mbrón a roinnt, bíodh a fhios agaibh go bhfuilimid libh i spiorad agus inár smaointe agus go bhfuilimid ag smaoineamh oraibh ag an tráth deacair seo.

Ba mhaith liom an deis a thapú arís, mar Uachtarán na hÉireann, le mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl thar ceann mhuintir na hÉireann dár n-oibrithe cúram sláinte, dár ndochtúirí teaghlaigh, dár gcógaiseoirí agus a bhfoirne, d’Óglaigh na hÉireann, agus don Gharda Síochána, atá go léir ag obair gan staonadh agus go neamhleithleach chun an cúram is fearr is féidir a dhéanamh díobh siúd a bhfuil an coróinvíreas tolgtha acu agus chun sábháilteacht ár saoránach go léir a chinntiú. 

Táimid faoi chomaoin an-mhór agaibh. Táimid faoi chomaoin, chomh maith, ag cuid mhaith daoine atá ag cur a sláine i mbaol chun a chinntiú go soláthraítear seirbhísí riachtanacha - iad sin atá ag obair i dtáirgeadh bia agus sa mhiondíol riachtanach, iad sin a bhfuil cúram á dhéanamh acu díobh siúd atá leochaileach agus an iliomad daoine a bhfuil ionchur eiseamláireach agus thar na bearta á dhéanamh acu. 

Is uair atá anseo nuair atáthar ag iarraidh ar gach uile dhuine dínn athruithe sealadacha ach suntasacha a dhéanamh inár saol, ionas go mbeimid ábalta na daoine is leochailí i dtaca leis an víreas a chosaint chomh maith agus is féidir. Cuireadh srianta breise i bhfeidhm ag an deireadh seachtaine agus cé go bhfuil siad deacair, impím oraibh cloí leo, ar mhaithe linn go léir.

Maidir le cuid díbh, tá imní mhór oraibh maidir le cúrsaí airgeadais agus caillteanas ioncaim nó fiú slite beatha amach romhaibh.  Is ceisteanna iad sin a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu. I gcás daoine eile, d'fhéadfadh sé gur cuireadh cosc oraibh freastal ar ghaolta breoite nó slán a fhágáil ag daoine muinteartha libh, de bharr an scartha shóisialta agus an choraintín.  Táim ag smaoineamh oraibh go léir atá faoi na cúinsí deacra sin.

Is paindéim dhomhanda an-dúshlánach atá romhainn. Le blianta beaga anuas táimid ag teacht i gcleachtadh ar úsáid an téarma 'domhandú' - de ghnáth mar a bhaineann sé le trádáil. Faoi láthair, táimid ag maireachtáil faoi dhomhandú laige coitianta roinnte. Éilítear cuid mhaith orainn ag an tráth seo mar shaoránaigh ach creidim go n-aimseoimid ionainn féin acmhainní nua i dtéarmaí béasa na comhbhá agus na taise.

Le tamall anuas tá cuid mhaith díbh a bhfuil téarmaí amhail cuimsiú agus comhionannas á bhfíorú go praiticiúil agaibh.

Molaim sibh agus iarraim oraibh leanúint leis an sárobair.

Is tráth é seo, freisin, ar féidir linn go léir machnamh a dhéanamh ar an tslí is fearr ar féidir lenár ngníomhartha aonair agus comhchoiteanna an Éire nua a éireoidh as an ngéarchéim dhomhanda seo a mhúnlú. Ag an gcor cinniúnach seo inár stair, iarrtar orainn athshamhlú agus atógáil a dhéanamh, agus tarraingt ar spiorad iontach fial na saoránachta atá tar éis teacht chun cinn, atá ag rathú agus a taispeánadh le roinnt seachtainí anuas.

Tá a fhios againn gur tríd an gcomhbhá fhial sin, agus tríd an daonnacht chomhroinnte leo siúd go léir a roinnimid an pláinéad leochaileach seo leo a bheimid ábalta dul chun cinn chuig domhan níos fearr agus níos daonnachtúla. 

D'fheadfadh sé go mbeidh tuilleadh laethanta dorcha romhainn, ach i lár na himní agus an fhaitís a scáthaíonn ár saol anois, tá sé tábhachtach nach gcaillimid an deis atá againn inniu tarraingt ar an dúchas breá Éireannach ina bhfuil dlúthpháirtíocht, comhbhá agus cairdeas ina chroílár, chun cuidiú linn cabhrú lena chéile tríd an uafás seo.

Agus sinn ag leanúint ar an aistear seo, siúlaimis lena chéile, ag tacú lena chéile, ag leanúint go hiomlán leis an gcomhairle a tugadh dúinn agus sinn ag coinneáil a chéile slán.

Casann an roth. Imeoidh an víreas seo agus nuair a imíonn beimid ábalta ár mbuíochas a thaispeáint trí thacaíocht a thabhairt do gach a bhfuil áitiúil - stáisiúin raidió, nuachtáin agus an geilleagar áitiúil, ar gach slí, an miondíol agus seirbhísí san áireamh.

Go raibh míle maith agaibh go léir agus beir beannacht.”