Tá saoránaigh an domhain ag iarraidh go dtabharfaí tacaíocht le gealltanas ceart do na Náisiúin Aontaithe
Dáta: Déa 11th Lún, 2016 | 12:04
11 Lúnasa 2016
I ráiteas a d’eisigh sé inniu, thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn le tuiscint go raibh an bonn á bhaint de na Náisiúin Aontaithe agus go raibh cosc á chur orthu ionchais an phobail a shásamh agus na céimeanna cuí a ghlacadh chun freagairt éifeachtúil a thabhairt ar an gcoimhlint sa tSiria.
Bhí an tUachtarán ag tagairt do thuairiscí a eisíodh le déanaí, cuid díobh a seoladh chuige uathu siúd atá ag soláthar cúraim leighis agus buamáil ar siúl thar timpeall orthu i gcathair Aleppo.
“I measc na ndaoine ar labhair mé leo tá an-díomá orthu faoin bhfulaingt gan teorainn agus gan faoiseamh atá ag cur isteach ar na daoine i gcathair Aleppo na Siria atá á scrios ag an gcogadh.
Tá an pobal ar fud an domhain spréachta go háirithe faoin na hionsaithe do-ghlactha ar ospidéil agus ar chlinicí leighis atá á ndéanamh d’aon ghnó agus faoi sháruithe an dlí idirnáisiúnta agus dhaonnúil atá á dtuairisciú.
Ba cheart go mbeadh Ceannairí Stáit buartha faoi theip na taidhleoireachta a léiríonn na heachtraí sin. Is teip mhór don gcine daonna go mbaintear leas as bagairt an chogaidh mar phríomh-mhodh dioscúrsa sa chaidreamh idir na náisiún is cumhachtaí. Táimid ag maireachtáil le cliseadh an nádúir is fearr ionainn agus a ionstraim, na Náisiúin Aontaithe.
Chun síocháin bhuan a chruthú, ní mór ní hamháin taca do na Náisiúin Aontaithe, ach creat réadúil, éifeachtúil, iltaobhach atá feasach ar an moráltacht.
An mhí seo chugainn, beidh baill na Náisiún Aontaithe ag cruinniú i Nua Eabhrac chun Rúnaí-Ginearálta nua a roghnú. Is cúis imní dúinn uile go mbeidh an cruinniú sin ar bun i gcomhthéacs ina ndealraíonn sé gur theip ar an bpobal idirnáisiúnta a bheith ag súil le coimhlint fhoréigneach agus í a chosc agus pobal sibhialach na Siria a chosaint.
Cé gur féidir aird a tharraingt ar dhul chun cinn suntasach maidir le forbairt inbhuanaithe agus le freagairt ar an athrú aeráide, ní mór don chruinniú atá le bheith i Nua Eabhrac dul i ngleic leis na bagairtí uafásacha leanúnacha seo don chine daonna ar bhonn práinne. ”
