Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Oíche Chultúir 2019 at Áras an Uachtaráin

Dáta: Mái 6th Lún, 2019 | 09:00


Pictiúr Oíche Chultúir

Tá áthas ar Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, agus ar a bhean chéile, Saidhbhín Áras an Uachtaráin a oscailt don phobal arís ar Oíche Chultúir, Dé hAoine, 20 Meán Fómhair, 2019. 

I mbliana, tá an tUachtarán agus Saidhbhín ag iarraidh leas a bhaint as Oíche Chultúir chun comóradh a dhéanamh ar bhronnadh Dhuais Nobel na Litríochta ar Samuel Beckett 50 bliain ó shin agus ar a bhás 30 bliain ó shin. 

Tabharfar léargas do chuairteoirí ar stair theach chónaithe oifigiúil Uachtarán na hÉireann agus cuirfidh Mouth of Fire dráma raidió Samuel Beckett “All that Fall” i láthair. 
Beidh Oíche Chultúir in Áras an Uachtaráin ar siúl ó 6i.n. go dtí 10i.n. 

Ticéid

Imeacht 'Ticéad Amháin' a bheidh ann.

Chun iarratas a dhéanamh ar thicéad, seol r-phost le d'ainm AGUS do sheoladh poist chuig: [email protected] 
Roghnófar ainmneacha na mbuaiteoirí i gcrannchur.
 
Is é an dáta deiridh d'iarratais an Dé Máirt, 13 Lúnasa, 2019.