Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht na Nollag chuig an Diaspóra ó Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn

Dáta: hAo 11th Nol, 2020 | 14:36

Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom beannachtaí na Nollag a ghuí ar mhuintir na hÉireann ar fud an domhain.

Is pribhléid dom i mbliana beannachtaí a chur chugaibh, teaghlach domhanda na hÉireann, atá gaolta de réir ár nÉireannachais choitinn, idir chultúr, stair agus oidhreacht, cibé áit agus cibé cúinsí ina bhfuil sibh. Ba bhliain dhúshlánach í dúinn go léir, ach bhí sí níos deacra do dhaoine áirithe.

Beidh Nollaig na bliana seo, de bharr riachtanais, éagsúil leis an Nollaig a bhfuil cleachtadh againn uirthi. Ag an am seo den bhliain, tá sé mar nós ag oibrithe, cairde agus teaghlaigh, le fada an lá, bualadh lena chéile chun ceiliúradh a dhéanamh. Bíonn an-chuid cairde agus clann atá thar lear ag tnúth le filleadh ar an mbaile chun an nuacht is déanaí a fháil faoin gclann agus faoin bpobal áitiúil agus, ar ndóigh, an fuadar agus an t-áthas a roinnt leo, rud a bhaineann le séasúr na Nollag don iliomad daoine. 

Is é an trua nach dtarlóidh an oiread sin de ghníomhaíochtaí traidisiúnta na Nollag sa bhliain seo fiche fiche (2020), nó go gcuirfear srian géar orthu de bharr COVID naoi déag (19). Is ábhar díomá eile a bheidh anseo, le cur le hiarmhairtí pearsanta, sóisialta, eacnamaíochta agus go deimhin cultúrtha, na paindéime a bhfuil an oiread sin tragóide dá barr ó chumhdaigh sí an domhan níos luaithe i mbliana.

Ba mhaith liom a mholadh, áfach, nach gciallaíonn géarchéim COVID nach féidir linn Nollaig a bhfuil brí léi a bheith againn i mbliana, ceann a gcuimhneoimid uirthi amach anseo. Le beagán samhlaíochta agus dea-thola is féidir linn go léir Nollaig a gcuimhneoimid uirthi ar na cúiseanna cearta a bheith againn an Nollaig seo fiche fiche (2020).  Molaim go ndéanfaimid sin ar bhonn na dea-shaoránachta.

Tugann an Nollaig seo deis dúinn machnamh domhain a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann lenár dtiomantas a neartú chun leanúint lenár n-iarrachtaí a bheith cúramach agus an víreas a chur faoi chos, agus é sin á dhéanamh againn, dlúthpháirtíocht a léiriú lenár n-oibrithe riachtanacha agus lena chéile, ionas go bhfaighimid go léir an ceann is fearr air agus ár sláinte faoi chosaint agus na gnéithe riachtanacha dár gcaidreamh sóisialta agus eacnamaíochta aisghafa leis an mbaol is lú.

Is féidir na prionsabail a threoraíonn muid inár dtiomantas athnuaite a fháil sna bunluachanna sin a léiríonn an chuid is fearr dínn, amhail an comhar, an cúram, an chomhbhá, an cineáltas agus an cháiréis. Léirigh an iliomad dár saoránaigh na bunluachanna sin ar bhealach fial sa bhliain atá caite de réir mar a bhí an ghéarchéim sláinte poiblí á nochtadh.

Leanaimid ag roinnt an chomhbhróin leo siúd ar cailleadh daoine muinteartha leo, agus roinnimid, freisin, an crá leo siúd a raibh drochthionchar ag an ngéarchéim ar a saol agus a slí bheatha. Tuigimid an t-uaigneas atá orthu siúd atá scartha ó na daoine sin a bhíodh i gcaidreamh leo roimhe seo agus is ábhar tochta é sin, go háirithe le linn na Nollag. Ní mór dúinn a aithint, freisin, go bhfuil croíbhriseadh millteanach ann don iliomad daoine mar go n-airíonn siad uathu na cleachtais shóisialta, eacnamaíochta agus fóillíochta a bhí mar cheangal acu le saibhreas an tsaoil ina iomláine. Ní mór dúinn muid féin agus a chéile a mhisniú agus neart a bhaint as sin.

Agus sinn ag dul i dteagmháil lenár muintir Éireannach agus le líon mór cairde na hÉireann a dhéanann an Nollaig a cheiliúradh linn, i gcéin agus i gcóngar , faoi chúinsí atá chomh neamhghnách céanna, beartaímis freisin glacadh lenár bfreagrachtaí go léir mar shaoránaigh dhomhanda, agus oibriú lenár gcomhshaoránaigh ar fud na mór-ranna go léir chun domhan níos cothroime, níos córa agus níos inbhuanaithe a bhaint amach; domhan ar féidir leis, lenár n-iarrachtaí go léir, diúltú don fhoréigean de gach cineál, agus a dhéanann iarrachtaí níos mó deireadh a chur leis an bhochtaineacht dhomhanda, leis an dúshaothrú agus leis an eisiachas.

Cinnte, ba bhliain an-deacair a bhí ann dúinn go léir agus bliain thragóideach do chuid mhaith daoine, ach tugaimís chun cuimhne, cé go bhfuil sé tábhachtach gan dearmad a dhéanamh go deo go gcomórann an Nollaig breith Íosa Críost, go gcomórann sé, chomh maith, tús na laethanta níos faide agus níos gile agus dá réir sin is comhartha láidir an dóchais atá ann, lóchrann do laethanta níos fearr amach anseo.

Ba mhaith liom Nollaig Shona agus shíochánta a ghuí ar gach duine ar an oileán seo, Éireannaigh ó dhúchas, nó de shliocht na hÉireann, daoine a bhfuil baint acu le hÉirinn i ngach cearn den domhan, agus na saoránaigh dhomhanda ar cairde na hÉireann iad ar fud an domhain.

Nollaig shona agus athbhliain faoi mhaise daoibh.