Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht na Nollag agus na hAthbhliana ó Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn 2020

Dáta: Céa 23rd Nol, 2020 | 18:25

Guím gach beannacht agus gach rath oraibh uilig agus muid ag tnúth le chéile Nollaig shona shíochánta.

A leithéid de bhliain a bhí againn!

Bliain inar chailleamar an oiread sin daoine de bharr na paindéime.  Blian inar athraíodh saol an oiread sin daoine ó bhonn, agus iarrachtaí coiteann á ndéanamh againn chun aire a thabhairt dá chéile.

Le linn na bliana seo, nuair a thugamar aghaidh le chéile ar dhúshlán na paindéime domhanda, iarradh orainn tabhairt faoi athraithe deacra inár slíte mhaireachtál. Athraithe a d’éiligh go leor teacht aniar, féiníobairt agus comhbhá uainn go léir.

Ba mhaith liom a rá, mar Uachtarán, gur údar sásaimh a bhí ann an fhlaithiúlacht a léiríodh le linn na tréimhse deacra sin.

Bhí an t-ádh orainn go léir gur taispeánadh eiseamláirí gan áireamh den fhéiníobairt i measc na n-oibrithe riachtanacha, na gcomharsan agus na dteaghlach, agus a ndícheall á dhéanamh acu, chun teacht i gcabhair orainn uilig agus ar a chéile.

Nuair a smaoinímid le linn na Nollag ar a bhfuil tar éis tarlú le gairid is féidir spiorad na dlúthpháirtíochta a bheith mar réalta solais againn agus muid ag dul i dtreo na hAthbhliana, a mbeidh dúshláin romhainn inti, ach a mbeimid ábalta tabhairt fúthu le misneach mar gheall, agus mar thoradh, ar a bhfuil déanta againn i gcómhar lena chéile.

Agus muid ag obair linn ag iarraidh srian a chur ar COVID-19, agus é ag cur as dár saol, ní mór dúinn gach dícheall a dhéanamh.  Ní mór dúinn, ní hamháin dearcadh na saoránachta a léiriú, ach é a chur i lár an aonaigh.

Ní mór sin chun fís choiteann a bheith againn, den solas a thiocfaidh má oibrímid as láimh a chéile, agus ár n-iarrachtaí á neartú againn chun an coróinvíreas a chur faoi chos.

Más mian linn an dlúthpháirtíocht a spreagadh, ní mór dúinn, ar ndóigh, leochaileacht daoine eile a thuiscint.

Ba bhliain dhúshlánach 2020 dúinn go léir.  Maidir le grúpaí leochaileacha, áfach, méadaíodh tionchar Covid-19 as cuímse.

Creidim gurb iad an chomhbhá agus an cúram a léirímid do ghrúpaí dá leithéidí a gcuimhneofar orthu, sa stair amach anseo.

D'fhoghlaimíomar le míosa beaga anuas an luach a bhaineann leis an cineáltas a léiríonn cúram na ndaoine sin go léir atá mar baill d’ár bpobal.

Tá cuid mhaith samplaí feicthe againn de shaoránaigh stuama a chuir an leas coiteann chun cinn ar a míanta féin, a rinneadh íobairtí agus iad ag díriú ar leas daoine eile seachas a bheith ag smaoineamh go chúing orthu féin.

Tosaíonn Scéal na Nollaig le h-aistear fada agus deacair chuig Beithil, agus luaitear é mar fhoinse ré nua agus tús saol níos fearr don chine daonna.

Riamh anall, léirigh an Nollaig tráth dóchais agus athnuachan dóchais, tráth chun misneach a fháil, fiú faoi na cúinsí ba dheacra agus ba thrioblóidí.

Inniu, mothaímid buairt iad siúd ar cailleadh daoine muinteartha leo i mbliana.

Roinnimid, freisin a gcrá,  leo siúd ar athraíodh a saol agus a slí mhaireachtála ó bhonn, agus nach bhfuil a fhios acu cad atá i ndán dóibh, agus seasaimid gualainn ar ghualainn lenár gcáirde, lenár muintir agus lenár gcómharsana atá scoite amach agus scartha uathu siúd a bhíodh á gcothú.

Cuimhnímid i mbliana, freisin, go háirithe orthu siúd go léir nach raibh in ann taisteal chun a bheith lena muintir ach a bheidh, mar sin féin, i spiorad leo le linn fhéile na Nollag.

Leanaimis linn ar aghaidh ar an aistear áfach, i spiorad an dóchais agus na comharaíochta.  Agus muid ag pointe cinniúnach i stair ár náisiúin, is fúinn féin an bóthar a shiúlfaimid a roghnú.

Tá Éire nua ag fanacht lena breith an Nollaig seo, Éire ar féidir léi a bheith níos fearr má tá na fiúntaisí cearta againn; Éire ar féidir léi aghaidh níos fearr a thabhairt ar ár saol coiteann, ar ár leochaileacht choiteann agus ar ár n-idirspleáchas. 

Inniu, agus muid ag druidim thar ghrianstad an gheimhridh agus fadú na leathanta romhainn, cuimhnimid ar na féidearthachtaí atá le fíorú fós agus réitímis dul ar aghaidh i spiorad na dlúthpháirtíochta, ionas go mbeimid ábalta ár mbealach a dhéanamh go cúramach, le háthas i dtreo ár dtodhchaí le chéile. 

Guím Nollaig shona daoibh uilig agus Athbhliain lán dóchais agus síocháin.

Beir beannacht.