Fiosraigh & Tabhair Cuairt

Fiosraigh & Tabhair Cuairt

Turais & Cuairteanna

Cuairteanna Treoraithe OOP

Bíonn áthas ar an Uachtarán fáiltiú roimh an phobal go hÁras an Uachtaráin. 
Bíonn cuairteanna treoraithe de chuid an OOP ar phríomhsheomraí fáiltithe Áras an Uachtaráin ar fáil beagnach gach Satharn ar feadh na bliana.
 
Maireann gach cuairt tuairim is uair an chloig agus bíonn sé saor in aisce. (Déan nóta le do thoil gur ar an Sathran amháin a bhíonn na cuairteanna ar fáil).
 
Eisítear ticéid ar an mbonn go mbeidh tús freastail ar an té is túisce agus bíonn siad ar fáil ó Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce ar an Satharn. Ní féidir áirithintí a dhéanamh ar son grúpaí ná roimh ré.
 
Bíonn Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce (01 677 0095) ar oscailt gach lá ó 9.30am go 5pm. Bíonn cuairteanna ar Áras an Uachtaráin ag 10.00am, 11.15am, 12.30pm, 1.45pm, agus 3.30pm i rith na bliana.
 
Ní mór do chuairteoirí aitheantas fótagrafach a bhreith leo ar lá na cuairte.
 
Ó am go chéile, mar gheall ar Ghnó Stáit agus/nó Oifigiúil ní féidir glacadh le Cuairteanna Poiblí. Is fiú fiosrú roimh ré le cinntiú go mbeidh na cuairteanna ag dul ar aghaidh ar an lá.

Tabhair faoi deara nach mbeidh aon (AON) turas den tí

Dé Sathairn, 30 Márta, 2024 ag 1.45pm agus 3.00pm.

 

Bíonn Áras an Uachtaráin dúnta ón 24 go dtí an 26 Nollaig.
 
 
Tá leithreas inrochtana 'Áiteanna Gléasta'  ag Áras an Uachtaráin a chuireann binse athraitheach ard-inchoigeartaithe do dhaoine fásta ar fáil, mar aon le hardaitheoir agus neart spáis do chúramóirí.