Fiosraigh & Tabhair Cuairt

Fiosraigh & Tabhair Cuairt

Cónaí oifigiúil

Cónaí oifigiúil

Is teaghlach agus láthair i gcomhair ócáidí foirmiúla stáit araon atá in Áras an Uachtaráin. Tá an tUachtarán agus a bhean Sabina ina gcónaí anseo agus comhlíonann an tUachtarán cuid mhaith dá dhualgais oifigiúla anseo. Orthu sin tá fáiltiú roimh Cheanna Stáit ar cuairt agus Ambasadóirí nua, lánscor Dháil Éireann agus bronnadh Séalaí Oifige ar Airí Stáit nua.

I measc na gcuairteoirí ar cuireadh fáilte rompu thar na blianta, bhí an Pápa Eoin Pól II, Nelson Mandela, An tUachtarán Bill Clinton, An tUachtarán Barack Obama, An tUachtarán John F. Kennedy, An Seanadóir Hillary Clinton, An tUachtarán Charles de Gaulle, A Soilse,  Banríon Eilís II agus cuid mhaith de cheannairí comhaimseartha an domhain.