Thug Saidhbhín Uí Uigínn aitheasc ag imeacht in Amharclann na Mainistreach chun rath an tionscadail ‘Dear Ireland’ a cheiliúradh.
Trí mhuintir na hÉireann a spreagadh lena smaointe a roinnt, soláthraíonn an tionscadal ‘Dear Ireland’ spás i gcomhair comhrá náisiúnta maidir leis na tosaíochtaí ar cheart dúinn a leagan amach mar náisiún, ag an am deacair seo.
Bhí Saidhbhín ar dhuine de na haisteoirí a ghlac páirt i ‘dteach oscailte’ fíorúil inar léadh amach litreacha a fuarthas ó dhaoine ar fud an domhain, iad ag cur a ndóchas agus a smaointe faoi na dúshláin atá roimh Éirinn in iúl.