![Fáiltíonn an tUachtarán roimh A Mórgachtaí Ríoga, an Diúc, agus Bandiúc Chambridge, ag tús a gcuairt oifigiúil chun na tíre](/images/made/44d1dc18a2367c64/NO_FEE_PRES_HIGGINS_HRH_DUKE_CAMBRIDGE_MX-53_720_480.jpg)
Chuir an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn fáilte roimh a Mhórgacht Ríoga, Diúc Cambridge agus a Mórgacht Ríoga Bandiúc Cambridge ag tús a gcuairte oifigiúla ar Éirinn.
Iarradh ar an Diúc agus ar an mBandiúc Leabhar na gCuairteoirí a shíniú sa Seomra Fáiltithe Stáit agus déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn a n-aíonna a thionlacan go dtí Clog na Síochána i dtailte Áras an Uachtaráin.