Cuireann an tUachtarán fáilte roimh A. Sh. an tUasal Marcelo Rebelo de Sousa, Uachtarán Phoblacht na Portaingéile

Céa 19th Dei, 2022 | 11:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Wednesday, 19th October, 2022

Cuireann an tUachtarán fáilte roimh A. Sh. an tUasal Marcelo Rebelo de Sousa, Uachtarán Phoblacht na Portaingéile

D’fhógair an tUachtarán Mícheál D. Ó Uigínn inniu go mbeidh Uachtarán Phoblacht na Portaingéile, Marcelo Rebelo de Sousa, ar Chuairt Stáit go hÉireann ón 18-20 Deireadh Fómhair seo.
 
Tagann Cuairt Stáit an Uachtaráin Rebelo de Sousa tar éis Chuairt Stáit an Uachtaráin Uí Uigínn chuig an bPortaingéil, i mí na Nollag 2015. Is í feidhm na gcuairteanna seo ná leis na naisc stairiúla, chultúrtha, eolaíochta agus taidhleoireachta idir Éirinn agus an Phortaingéil a léiriú, agus tá sé mar aidhm acu ceangail chairdis a neartú idir an dá thír. Tá 80 bliain caite ó bunaíodh caidrimh thaidhleoireachta idir an bPortaingéil agus Éirinn.

Cuirfear tús leis an gCuairt Stáit le searmanas fáiltithe ag Áras an Uachtarán Dé Céadaoin 19 Deireadh Fómhair. Beidh cruinniú déthaobhach ansin idir an Bheirt Cheanna Stáit. An oíche sin, beidh Dinnéar Stáit in onóir Uachtarán Rebelo de Sousa ar scáth an Uachtaráin agus Shaidhbhín Uí Uigínn.
 
Freastalóidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ar fháiltiú a óstálfar ina n-onóir in Farmleigh Déardaoin 20 Deireadh Fómhair.
 
Fad agus a bheidh sé in Éirinn, glacfaidh an tUachtarán Rebelo de Sousa páirt in imeachtaí éagsúla i réimsí an chultúir, an tsaoil acadúil agus an athraithe aeráid. Ina measc beidh cuairteanna ar Mhúsaem Litríochta na hÉireann, ar árthach taighde nua Fhoras na Mara, Tom Crean, agus ar Ionad Síochána agus Athmhuintearais Ghleann Crí.
 
Ba í an uair dheireanach ar bhuail an bheirt Uachtarán le chéile ná ag cruinniú bliantúil de chuid an Ghrúpa Arraiolos, grúpa de 16 Cheann Stáit neamhfheidhmiúcháin Eorpacha, a reáchtáladh i Málta 5-6 Deireadh Fómhair 2022.