![Fáiltíonn an tUachtarán roimh Ambasadóir na Spáinne go hÉirinn ar chuairt chúirtéise le slán a fhágáil](/images/made/44d1dc18a2367c64/25-10-18_Spain_Ambassador_1_720_702.jpg)
D'fháiltigh an tUachtarán roimh A. Sh. An tUasal José María Rodríguez-Coso, Ambasadóir na Spáinne chun na hÉireann, ar chuairt chúirtéise, le slán a fhágáil inniu.
Nuair a shroicheann ambasadóirí deireadh a dtéarma, tugann an tUachtarán cuireadh dóibh teacht ar chuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin le buíochas a ghlacadh leis na hambasadóirí as a gcuid seirbhíse, le héisteacht lena dtaithí ar Éirinn agus le plé a dhéanamh ar thuairimí an ambasadóra atá ag imeacht ar cheisteanna atá bainteach leis an gcaidreamh déthaobhach.