Fáiltíonn an tUachtarán roimh Ambasadóir Phoblacht na Cipire go hÉirinn ar chuairt chúirtéise…

hAo 20th Iúi, 2018 | 12:00
suíomh: Áras an Uachtaráin
Fáiltíonn an tUachtarán roimh Ambasadóir Phoblacht na Cipire go hÉirinn ar chuairt chúirtéise…

...le slán a fhágáil.

 

Anuraidh chuir 33 ambasadóir eachtrach a gcuid dintiúr - na doiciméid oifigiúla a shainaithníonn na hambasadóirí nua mar ionadaithe a gCeann Stáit- faoi bhráid an Uachtaráin Uí Uigínn.

Mínítear anseo an próiseas lena ndéantar ambasadóir a chreidiúnú.

Nuair a shroicheann ambasadóirí deireadh a dtéarma, tugann an tUachtarán cuireadh dóibh teacht ar chuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin le buíochas a ghlacadh leis na hambasadóirí as a gcuid seirbhíse, le héisteacht lena dtaithí ar Éirinn agus le plé a dhéanamh ar thuairimí an ambasadóra atá ag imeacht ar cheisteanna atá bainteach leis an gcaidreamh déthaobhach.