Fáiltíonn an tUachtarán roimh Áine Ní Ghlinn, nua-Laureate na nÓg, agus roimh an Ollamh Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, ar chuairt chúirtéise

Céa 16th Nol, 2020 | 14:30
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Wednesday, 16th December, 2020

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Áine Ní Ghlinn, nua-Laureate na nÓg, agus roimh an Ollamh Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, ar chuairt chúirtéise

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh an údar Áine Ní Ghlinn, an cúigiú Laureate na Óg - craobh-údar litríochta na bpáistí - chuig Áras an Uachtaráin. 

Is tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon, le tacaíocht ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, An Roinn Leanaí agus Gnóthaí na hÓige, Children's Books Ireland agus Éigse Éireann, atá in 'Laureate na nÓg'. Bhí an gradam chun cuidiú le páistí dul i dteagmháil le litríocht do pháistí ar ardchaighdeán agus chun béim a chur ar thábhacht litríocht na bpáistí inár saol cultúrtha agus samhlaíochta.