
Chuir an tUachtarán fáilte roimh Cheann Foirne Óglaigh na hÉireann nuacheaptha, an Leifteanant Ginearálta Seán Clancy, chuig Áras an Uachtaráin. Tá 37 bliain seirbhíse in Óglaigh na hÉireann tugtha ag an Lt Gin Clancy, a bhfuil a cheapachán i bhfeidhm ón 29 Meán Fómhair 2021. Tá sé ar an gcéad bhall d’Aerfhórsa an Stáit le seirbhís a thabhairt mar cheann Foirne, tar éis dó seirbhís a thabhairt roimhe seo mar Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) agus mar Ghinearáloifigeach i gCeannas Aerchór na hÉireann agus mar Stiúrthóir Oibríochtaí Eitlíochta Míleata.