Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh an Uasal John Boorman agus an Uasal Sheamus Smith go hÁras an Uachtaráin ar chuairt chúirtéise.
Is stiúrthóir scannáin Briotanach é An tUasal John Boorman, ar bhronn Comhairle Contae Chill Mhantáin gradam saoil air le déanaí as an éacht a rinne sé ar son Chill Mhantáin agus earnáil scáileáin na hÉireann.