
Dé Céadaoin, chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh an Uasal Isaac Herzog, mac iar-Uachtarán Stát Iosrael, Chaim Herzog, ar chothrom lae a bhreithe 100 bliain ó shin.
Is iar-Aire agus iar-Chathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre san Iosrael atá in Isaac Herzog, agus bhí sé ina chomhalta den Knesset idir 2003 agus2018. I mí an Mheithimh 2018 toghadh é mar Chathaoirleach ar Ghníomhaireacht Ghiúdach Iosrael.