Chuir an tUachtarán fáilte roimh an Uasal Dev Raj Ghimire, Spéicéir Theach na nIonadaithe i Neipeal, agus é ar cuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin. 

hAo 22nd Meá, 2023 | 11:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Chuir an tUachtarán fáilte roimh an Uasal Dev Raj Ghimire, Spéicéir Theach na nIonadaithe i Neipeal, agus é ar cuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin. 

Tá cuairt á tabhairt ag an Uasal Ghimire ar Éirinn tar éis cuireadh a fháil ón gCeann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl.

Le linn a chuairte, beidh an tUasal Ghimire i dteagmháil le hoifigigh rialtais na hÉireann agus buailfidh sé leis an bpobal Neipealach a bhfuil cónaí orthu in Éirinn. 
 
I mí Lúnasa 2018, bhí an tUachtarán ina aoi onórach ag searmanas speisialta a rinne comóradh ar bhunú caidrimh thaidhleoireachta idir Éire agus Neipeal. 

Féach sonraí anseo.