![Fáiltíonn an tUachtarán roimh Andrew O’Brien, Uasal, - ón eagraíocht a chuidíonn le Daoine gan Dídean i Lár na Cathrach, - ar chuairt chúirtéise](/images/made/44d1dc18a2367c64/ARAS_INNERCITY_HELPING_HOMELESS_MX-4_720_476.jpg)
Chuir an tUachtarán O hUigínn fáilte roimh an Uasal Andrew O’Brien chuig Áras an Uachtaráin. Bhronn an tUasal O'Brien píosa ealaíne ar an Uachtarán, mar chomhartha buíochais as tacaíocht an Uachtaráin.
Le linn a gcruinnithe, phléigh an tUachtarán agus a aoi obair Inner City Helping Homeless, carthanas atá i mbun oibre chun deireadh a chur le heaspa dídine i mBaile Átha Cliath.
Is téamaí iad an Tithíocht agus an Easpa Dídine a thagann aníos arís is arís eile in obair an Uachtaráin Uí Uigínn, maidir le tithíocht in Éirinn agus taithí na ndaoine a ruaigtear óna dtithe agus óna n-áiteanna dúchais. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach anseo.