![Fáiltíonn An tUachtarán roimh bhaill ó Líonra na hÉireann um Chomhionannas Trasinscne](/images/made/44d1dc18a2367c64/161123_T3_090_491_354.jpg)
Reáchtáil an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáiltiú do bhaill Líonra na hÉireann um Chomhionannas Trasinscne.
Ina aitheasc, rinne an tUachtarán tagairt ar na hathruithe a tharla in Éirinn maidir lena gcearta a thabhairt do dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha, agus mhol sé na daoine a chuaigh i mbun feachtais thar na blianta fada chun na cearta sin a bhaint amach.