![Cuireann an tUachtarán fáilte roimh bhaill Choiste Comórtha Céad Bliain Harry Boland ar chuairt chúirtéise](/images/made/44d1dc18a2367c64/NO_FEE_PRES_HIGGINS_H_BOLAND_REL_MX_720_517.jpg)
Dé Mairt, 23 Samhain 2022, chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh bhaill Choiste Comórtha Céad Bliain Harry Boland go hÁras an Uachtaráin ar chuairt chúirtéise.
Ba polaiteoir poblachtach Éireannach ab ea Harry Boland a bhí mar Uachtarán Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann ó 1919-1920.
I ndiaidh olltoghchán 1921, bhí Boland tofa go dtí an dara Dáil mar TD do cheantar Mhaigh Eo Theas-Ros Comáin Theas. Toghadh é arís i 1922 mar iarrthóir frith-Chonartha, ach cailleadh é dhá mhí ní ba dhéanaí in Ospidéal Naomh Uinseann le linn an Chogaidh Chathartha.
Le comóradh a dhéanamh céad bliain i ndiaidh a bháis, d’eagraigh coiste, a raibh cairde agus sliochtaigh de dheartháir Harry, Gerald agus dá dheirfiúr, Kathleen ina mball de, trí lá imeachtaí in 2022.