Bronnann Ollscoil na hAstráile Céim Dochtúrachta Oinigh ar an Uachtarán

Mái 10th Dei, 2017 | 17:15
suíomh: Ollscoil na hAstráile Thiar, Perth
Bronnann Ollscoil na hAstráile Céim Dochtúrachta Oinigh ar an Uachtarán

Ar an 10 Deireadh Fómhair, bhronn Ollscoil na hAstráile Thiar céim oinigh Dochtúireachta sa Dlí ar an Uachtarán Ó hUigínn.

Tar éis an bhronnta, rinne an tUachtarán agus Saidhbhín freastal ar cheolchoirm , 'Another Sense of Ireland'. 

Léiríodh an cheolchoirm ‘A Sense of Ireland’ mar chuid de chomórthaí céad bliain 1916 agus léiríodh den chéad uair ar stáitse é ar an 30 Aibreán 2016 san Octagon Theatre in Perth. Léiríodh é faoi choimirce Chumann Oidhreachta na hAstráile-Éireann, agus ba é Frank Murphy a cheap agus a stiúir é. Ba cheiliúradh ar oidhreacht shaibhir na hÉireann sa cheol, amhránaíocht, drámaíocht, filíocht, véarsaíocht agus damhsa a bhí sa léiriúchán agus bhí daoine tallannacha áitiúla as an Astráil Thiar páirteach ann, idir dhaoine de dhúchas na hÉireann agus dhaoine de shliocht Éireannach.