![Dochtúireacht Oinigh á bronnadh ar an Uachtarán ag Rannóg an Bhéarla agus na Litríochta, Scoil…](/images/made/44d1dc18a2367c64/IMG8_720_510.jpg)
...Scoil na Fealsúnachta
Ar an dara lá dá Chuairt Stáit ar an nGréig, bhronn Ollscoil na hAithne céim oinigh ar an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn.
Tar éis an tsearmanais, thug an tUachtarán aitheasc ar an gcaidreamh ársa agus buan idir Éire agus an Ghréig, agus ar a dtodhchaí chomhroinnte.
Ina aitheasc, labhair an tUachtarán ar thaithí an dá thír i dtaca leis an imirce agus an eisimirce, agus mhol sé muintir na Gréige as an bhfreagairt a thug siad ar an sruth imirceoirí agus lucht iarrtha tearmainn le blianta beaga anuas.