
Chuir tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh A Soilse Patricia Cortés Ortiz Uasal, Ambasadóir na Colóime, agus í ar cuairt chúirtéise chun slán a fhágáil.
In 2017, bhí an tUachtarán Ó hUigínn ar an gcéad Uachtarán ar Éirinn a thug cuairt ar an gColóim. Rinne an chuairt sin ceiliúradh ar an gceangal domhain stairiúil idir Éire agus Meiriceá Laidineach, agus é mar aidhm aige borradh a chur faoi na ceangail pholaitiúla, chultúrtha agus eacnamaíochta.