Fáiltíonn an tUachtarán roimh A.Sh. An tUasal Daniel Faure, Uachtarán na Séiséal

hAo 7th Mei, 2019 | 14:30
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Friday, 07th June, 2019

Fáiltíonn an tUachtarán roimh A.Sh. An tUasal Daniel Faure, Uachtarán na Séiséal

D’fháiltigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn roimh Uachtarán Phoblacht na Séiséal, a Shoilse Danny Faure ag Áras an Uachtaráin.

 

Tá an tUachtarán Faure in Éirinn le freastal ar ‘Chruinniú Mullaigh Saibhreas ár nAigéin’, cruinniú idirnáisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá á imirt ag an athrú aeráide ar stáit bheaga oileánda. 

 

Óna insealbhú, tá géarchéim na haeráide mar théama lárnach in obair an Uachtaráin Uí Uigínn, agus tapaíonn sé le gach deis chun beart níos mó a ghairm chun astuithe carbóin a laghdú.

 

In Aibreán 2018, labhair an tUachtarán Ó hUigínn le hionadaithe de thíortha beaga oileánda i mbéal forbartha, ag imeacht san American Irish Historical Society i Nua Eabhrac. Féadfaidh tú féachaint ar óráid an Uachtaráin anseo: https://youtu.be/ZSF2dCaFVMg