Fáiltíonn an tUachtarán roimh A. Sh. an tUasal Andrej Plenkovic, Príomh-Aire na Cróite, ar chuairt chúirtéise go hÁras an Uachtaráin

Mái 12th Meá, 2023 | 11:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Fáiltíonn an tUachtarán roimh A. Sh. an tUasal Andrej Plenkovic, Príomh-Aire na Cróite, ar chuairt chúirtéise go hÁras an Uachtaráin

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh A Shoilse an tUasal Andrej Plenkovic, Príomh-Aire na Cróite go hÁras an Uachtaráin ar chuairt chúirtéise.
 
Tá an tUasal Plenkovic ina Phríomh-Aire ar an gCróit ó mhí Dheireadh Fómhair 2016 i leith. 
 
I Meitheamh 2013, thug an tUachtarán Ó hUigínn Cuairt Stáit ar an gCróit, agus thug aitheasc in Ollscoil Zagreb dar teideal ‘Reflecting on the future of Europe: A perspective after 40 years of Membership’.