Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh an Dr. Amal Al Qubaisi chuig Áras an Uachtaráin.
Is í an Dr. Al Qubaisi, atá ina hionadaí ag Abu Dhabi ar an gComhairle Náisiúnta Chónaidhme, an chéad bhancheannaire ar pharlaimint náisiúnta i réigiún na Murascaille.
Ceapadh í i mí na Samhna 2015, agus tá an Dr Al Qubaisi ar an gcéad bhean a toghadh chuig Tionól Náisiúnta Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, agus an chéad bhean ina ceannaire ar pharlaimint náisiúnta na nÉimíríochtaí.
Bhuail sí leis an Uachtarán Ó hUigínn cheana, i mí an Mhárta 2017.