Fáiltíonn An tUachtarán roimh Cheannairí na gCeardchumann ó Stáit Aontaithe Mheiriceá ar chuairt chúirtéise

Lua 9th Meá, 2024 | 16:00
suíomh: Áras an Uachtaráin
Fáiltíonn An tUachtarán roimh Cheannairí na gCeardchumann ó Stáit Aontaithe Mheiriceá ar chuairt chúirtéise

Cuirfidh an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh thoscaireacht Cheannairí Ceardchumann ó SAM chuig Áras an Uachtaráin ar ghlaoch cúirtéise.

Tá toscaireacht cúigear ceannairí ceardchumainn is tríocha, lena n-áirítear Uachtaráin Ghinearálta ó ocht gcinn de na ceardchumainn is mó sna Stáit Aontaithe, á hóstáil ag Ionad Cuairteoirí Shéamais Uí Chonghaile le linn a gcuairte ar Éirinn.

D'oscail an tUachtarán Ó hUigínn Áras Uí Chonghaile, Ionad Cuairteoirí Shéamais Uí Chonghaile, go hoifigiúil i mí Aibreáin 2019.