Bronnfaidh an tUachtarán Ó hUigínn Gradam Ór Gaisce ar dhaoine óga a chríochnaigh a ndúshláin forbartha pearsanta.
Is scéim ghradaim an Uachtaráin é Gaisce atá dírithe ar acmhainn daoine óga a chothú trína spreagadh chun spriocanna a leagan síos i roinnt réimsí agus iad a bhaint amach.
Ag an searmanas bronnta, tabharfaidh an tUachtarán ómós do dhaoine óga a chaith am ag obair le heagraíochtaí deonacha agus a ghlac páirt i ngrúpaí óige agus clubanna.